Minister Richard Bruton launches Maynooth University Social Sciences Institute

Prof Ray O'Neill, Minister Richard Bruton TD, Prof Philip Nolan, Prof Linda Connolly
Thursday, March 30, 2017 - 09:30

Irish Version

Minister for Education and Skills, Richard Bruton TD, today launched the Maynooth University Social Sciences Institute (MUSSI). The Institute was established as part of the implementation of Maynooth’s ambitious Research Strategy (2012 – 2017).

The Social Sciences Institute builds upon the longstanding success of existing research and centres at Maynooth, including the National Institute for Regional and Spatial Analysis (NIRSA) and the National Centre for Geo-computation (NCG). It also supports critical national data infrastructure including the All-Island Research Observatory (AIRO) and the Irish Qualitive Data Archive (IQDA).

The Institute brings together researchers from across several disciplines including Law, Geography, Anthropology, Computer Science, and Sociology. To date over 300 researchers have been affiliated to MUSSI partner projects, which have received external funding totalling €55 million since 2001. These awards have generated cutting edge research for policy and society in a wide range of areas.

MUSSI researchers have notably been awarded prestigious European Research Council projects, which is an indicator of an international centre of excellence. One of these projects, “The Programmable City”, has been investigating the relationship between networked digital technologies and city life. In particular, it is concerned with how cities are increasingly being translated into code and data, and how these codes and data are being used to transduce how we understand, manage, work, and live in the city and produce ‘smart cities’.

A new SFI funded project, led by Professor Rob Kitchin, Professor Chris Brunsdon and Martin Charlton, alongside Dr Stephanie Keogh, researches the Dublin Dashboard project. One of the most comprehensive city dashboards in Europe and internationally, Dublin Dashboard visualises, through interactive maps and graphs, a broad range of data about the city including real-time data, official statistics, and public administrative data. It also allows city officials, the public, and companies to view traffic and travel information, weather, and air quality, and to report on issues about the city. The site has had 220,000 page views since September 2014 and plans are now in place for the launch of Cork Dashboard.

MUSSI is also home to Professor Mary Gilmartin’s research on the process and experiences of migrant integration in Ireland. Her research focuses on how migrants come to feel at home in Ireland, and identifying what helps and hinders this process. It does this by mapping the integration and diversity policies and strategies of Irish public bodies, paying particular attention to their human rights dimension.

Another project with an important social dimension is Dr Mary Murphy’s ReInvest initiative. This is currently researching the use of the private rental housing subsidy, Housing Assistance Payment, as the primary tool to address social housing waiting lists and the reality of family homelessness. Over the next couple of months, the research team will work with adults in emergency accommodation to explore their experience of the policy and to develop recommendations to be discussed with policy makers.

Commenting at the launch, Professor Linda Connolly, Director of the Maynooth University Social Sciences Institute, said: “Today is a proud day for the Institute. Our researchers are working on some of the most pressing issues facing Irish society today and the Institute will provide the resources and platforms to build on this in the coming years.”

Discussing the launch of the Maynooth University Social Sciences Institute, President Philip Nolan said: “This is an important and exciting development for the University. We have established a reputation across the social sciences as a centre of international excellence, and this Institute will enable the University to ​bring together teams from different disciplines to tackle fundamental research questions in new ways.”

Institiúid Eolaíochtaí Sóisialta Ollscoil Mhá Nuad seolta ag an Aire Richard Bruton
Sheol an tAire Oideachais agus Scileanna, Richard Bruton T.D., Institiúid Eolaíochtaí Sóisialta Ollscoil Mhá Nuad (IESOMN) inniu. Bunaíodh an Institiúid mar chuid de chur chun feidhme straitéis uaillmhianach na hOllscoile, straitéis dar teideal Straitéis Taighde (2012-2017).

Cuireann Institiúid na nEolaíochtaí Sóisialta leis an rath seanbhunaithe atá ar roinnt de na hinstitiúidí agus de na hionaid taighde atá in Ollscoil Mhá Nuad cheana féin. Áirítear orthu siúd an Institiúid um Anailís Réigiúnach agus um Spásanailís (NIRSA),  agus an Lárionad Náisiúnta um Gheoiríomhaireacht (NCG). Ina theannta sin, tacaíonn sí le bonneagar do shonraí náisiúnta atá ríthábhachtach. Áirítear orthu siúd an tIonad Breathnaithe um Thaighde Uile-Éireann (AIRO) agus Cartlann Sonraí Cáilíochtúla na hÉireann (IQDA).

Tugann an Institiúid taighdeoirí ó na réimsí seo a leanas le chéile: Dlí, Tíreolaíocht, Antraipeolaíocht, Ríomheolaíocht, agus Socheolaíocht. Go dtí seo, tá comhcheangal ag breis agus 300 taighdeoir le comhthionscadail IESOMN, tionscadail a bhfuil maoiniú seachtrach ar fiú €55 milliún é faighte acu ón mbliain 2001. Mar thoradh ar na dámhachtainí seo, tá taighde cheannródaíoch ar bheartas agus ar an sochaí curtha i gcrích i raon leathan réimsí.
Is díol suntais é go bhfuil tionscadail na Comhairle Eorpaí um Thaighde, tionscadail mór le rá, bronnta ar thaighdeoirí IESOMN. Léiríonn sé seo gur Ionad Barr Feabhais í atá aitheanta go hidirnáisiúnta. Tá iniúchadh á dhéanamh ag ceann de na tionscadail seo, “An Chathair In-ríomhchláraithe”, ar an ngaol atá idir teicneolaíochtaí líonraithe digiteacha agus saol na cathrach. Díríonn an taighde seo ach go háirithe ar an gcaoi a bhfuil cathracha á n-aistriú chug cód agus sonraí agus an chaoi a bhfuil na cóid agus na sonraí sin á n-úsáid chun trasdhuchtú a dhéanamh ar gcaoi a ndéanaimid na nithe seo a leanas: an chathair a thuiscint, a bhainistiú, oibriú agus  cónaí inti chomh maith le ‘cathracha cliste’ a chruthú.
Déanann tionscadal nua atá maoinithe ag Fondúireacht Eolaíochta Éireann taighde ar an tionscadal Deaise Bhaile Átha Cliath. Tá an tionscadal seo á stiúradh ag an Ollamh Rob Kitchin, ag an Ollamh Chris Bunsdon agus ag Martin Charlton, chomh maith leis an Dr Stephanie Keogh. Tá sé ar cheann de na deaiseanna cathrach is cuimsithí san Eoraip agus go hidirnáisiúnta. Trí léarscáileanna agus trí ghraif idirghníomhacha a úsáid, déanann Deais Bhaile Átha Cliath réimse leathan sonraí maidir leis an gcathair a amharcléiriú lena n-áirítear sonraí fíor-ama, staitisticí oifigiúla agus sonraí riaracháin phoiblí. Lena chois sin, tá sé de chumas ag oifigigh chathrach, ag an bpobal, agus ag cuideachtaí breathnú ar eolas a bhaineann le cúrsaí tráchta agus taistil, leis an aimsir, agus le caighdeán an aeir agus tuairisc a thabhairt ar cheisteanna a bhaineann leis an gcathair. Tá 220,000 amas faighte ag an suíomh ó Mheán Fómhair 2014 agus tá socruithe á ndéanamh anois le Deais Chorcaí a sheoladh.
Tá an taighde atá ar bun ag an Ollamh Mary Gilmartin maidir leis an bpróiseas agus an taithí a bhaineann le himeascadh imirceach in Éirinn, ar siúl in IESOMN freisin. Díríonn an taighde atá ar bun aici ar an gcaoi a socraíonn imircigh isteach agus iad ina gcónaí in Éirinn. Déantar sainaithint ar na nithe a chabhraíonn leis an bpróiseas seo agus a chuireann bac air. Déantar an méid sin trí mhapáil a dhéanamh ar na polasaithe agus ar na straitéisí atá ag comhlachtaí poiblí in Éirinn maidir le himeascadh agus le héagsúlacht. Tugtar aird ar leith ar an ngné a bhaineann lena gcearta daonna. 

Tá gné shóisialta thábhachtach ag baint le tionscadal eile – tionscnamh Athinfheistithe an Dochtúra Mary Murphy. Déanann an tionscnamh seo taighde ar an úsáid a bhaintear as an bhfóirdheontas do thithíocht phríobháideach ar cíos, an Íocaíocht Cúnaimh Tithíochta, mar phríomhuirlis le haghaidh a thabhairt ar liostaí feithimh do thithíocht shóisialta agus ar an réadúlacht a bhaineann leis an easpa dídine do theaghlaigh. Sna míonna atá romhainn, beidh an fhoireann taighde ag obair le daoine fásta atá ag fanacht i gcóiríocht éigeandála, le léargas a fháil ar an taithí atá acu ar an bpolasaí agus le moltaí a fhorbairt, moltaí a phléifear le lucht déanta beartas.
Agus í ag labhairt ag an seoladh, dúirt an tOllamh Linda Connolly, Stiúrthóir Institiúid Eolaíochtaí Sóisialta Ollscoil Mhá Nuad: “Lá bródúil atá ann don Institiúid. Tá ár dtaighdeoirí ag obair ar chuid de na ceisteanna is tábhachtaí a sheasann roimh shochaí na hÉireann sa lá atá inniu ann agus cuirfidh an institiúid na hacmhainní agus na cláir oibre ar fáil le cur leis an obair sin sna blianta atá romhainn.”
Agus an seoladh ar Institiúid Eolaíochtaí Sóisialta Ollscoil Mhá Nuad á phlé aige, dúirt an tOllamh Pilib Ó Nualláin: “Forbairt thábhachtach agus spreagúil atá anseo don Ollscoil. Tá clú bainte amach againn ar fud na n-eolaíochtaí sóisialta mar ionad barr feabhais ag leibhéal idirnáisiúnta. Cuirfidh an institiúid seo ar chumas na hOllscoile, foirne ó dhisciplíní éagsúla a thabhairt le chéile le haghaidh a thabhairt ar bhuncheisteanna taighde ar bhealaí nua.”