Graduate Research Academy: An tAcadamh Taighde Iarchéime
The Graduate Research Academy (GRA) is Maynooth University’s central and over-arching support for postgraduate research students and their supervisors. All postgraduate research students are members of the Graduate Research Academy, in addition to being registered within an academic department, school or institute at Maynooth University. The GRA provides supports including advice, training, development and mentorship, recognising the unique research pathway of each postgraduate student. The GRA provides a range of research postgraduate training supports including a suite of professional skills training modules. The Academy oversees the MU Research Skills Development Programme (RSDP) which addresses the core components of doctoral education as outlined in the Irish Universities Association Doctoral Skills Statement, and underpinned by the National Framework for Doctoral Education. The RSDP provides opportunities for postgraduate research students to develop advanced research and analysis skills, as well as a broad range of transferable skills through interdisciplinary modules and workshops. The GRA oversees the quality assurance of the graduate research experience and formulation of policies and processes for admission, progression and examination of research students. The GRA works with the postgraduate research community at Maynooth University to enhance the graduate research experience and to promote and celebrate the achievements of academy members.
Acadamh Taighde Iarchéime
Tugann an tAcadamh Taighde Iarchéime (GRA) tacaíocht lárnach agus chuimsitheach do mhic léinn iarchéime atá i mbun staidéir agus dá gcuid stiúrthóirí. Is baill den Acadamh Taighde Iarchéime iad na mic léinn iarchéime go léir atá i mbun taighde san Ollscoil, anuas ar bheith cláraithe le roinn acadúil, scoil nó institiúid in Ollscoil Mhá Nuad. Cuireann an tAcadamh comhairle, oiliúint, forbairt agus meantóireacht ar fáil agus aithníonn sé go bhfuil a bhealach féin á dhéanamh ag gach mac léinn iarchéime ó thaobh an taighde de. Cuireann an tAcadamh réimse de thacaíochtaí oiliúna iarchéime ar fáil lena n-áirítear roinnt modúl oiliúna ar scileanna proifisiúnta. Tá an tAcadamh i gceannas ar Chlár Forbartha Scileanna Taighde OMN a thugann aghaidh ar na príomhghnéithe den oideachas dochtúireachta mar a léirítear iad i Ráiteas Scileanna Dochtúireachta Chumann na nOllscoileanna in Éirinn. Tugann an Clár an deis do mhic léinn iarchéime atá i mbun taighde ardscileanna taighde agus anailíse a fhorbairt, chomh maith le réimse leathan de scileanna inaistrithe trí mhodúil agus ceardlanna idirdhisciplíneacha. Cinntíonn an tAcadamh go bhfuil ardchaighdeán ag baint le heispéireas na n-iarchéimithe taighde agus múnlaíonn sé polasaithe maidir le hiontráil, dul chun cinn agus scrúdaitheoireacht do mhic léinn thaighde. Oibríonn an tAcadamh lámh agus lámh le pobal na n-iarchéimithe taighde chun a n-eispéireas a fheabhsú agus chun gaiscí an phobail áirithe sin a chur chun cinn agus a cheiliúradh.







