Scéim Chónaithe 2018 - 2019
- Reáchtálfar na hagallaimh do mhic léinn nua le linn an tsamhraidh 2018.
Céim 1: Seomra a chur in áirithe
- Cuir seomra ar an gcampas in áirithe ar an gCéadaoin, 2 Bealtaine, sa phróiseas a fhreastalaíonn ar gach duine ar a seal féin. Níl aon chinnteacht ann go bhfaighidh tú seomra tríd an bpróiseas seo.
Céim 2: Iarratas ar líne
- I mí Bealtaine 2018 cuirfear nasc chuig an gcomórtas iarratais don Scéim Chónaithe ar fáil ar ár suíomh gréasáin.
- Is é meán lae ar an Luan 20 Lúnasa an sprioc d’iarratais.
- Cuirfear gach iarratas chuig Oifig na Gaeilge don phróiseas roghnúcháin.
Céim 3: Agallamh
- Ba cheart dóibh siúd a n-éiríonn leo cuireadh chun agallaimh a fháil na dátaí seo a leanas a choinneáil saor: 23 & 24 Lúnasa.
Céim 4: Glacadh le Seomra & Íocaíochtaí a dhéanamh
- Is seomraí singile en suite i nGaoth Dobhair iad na seomraí a thairgtear
- Tabharfar deis dóibh siúd ar tairgeadh seomra ar an Scéim dóibh agus a bhfuil seomra eile ar an gcampas curtha in áirithe acu malartú go seomra ar an Scéim atá lonnaithe ar an gcampas
- Má tá seomra níos saoire curtha in áirithe agat, beidh ort an difear idir costas na seomraí a íoc.
2 Bealtaine 2018 |
Is féidir Seomra a chur in áirithe agus iarratas a dhéanamh ar an Scéim |
Meán lae, 20 Lúnasa 2018 |
Sprioc d’iarratais ar an Scéim Chónaithe |
An tseachtain dar tús 20 Lúnasa 2018 |
Gearrliostú agus Cuirí chun Agallaimh / Diúltú |
23 & 24 Lúnasa 2018 |
Agallaimh ar an 23 Lúnasa, Tairiscintí /Diúltú ar an 24 Lúnasa |
29 Lúnasa 2018 |
An spriocdháta i gcomhair glacadh le tairiscint ar sheomra |
Sa bhliain acadúil 2018 – 2019, leithdháiltear 10 – 15 seomra ar bhonn iomaíoch ar mhic léinn reatha nó ar mhic léinn iarchéime a bhfuil spéis acu an Ghaeilge a labhairt agus páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí cultúrtha na Gaeilge. Tugtar ‘An Scéim Chónaithe’ ar an scéim seo agus seomraí singile ensuite atá mar chuid den scéim.
An Bhliain Acadúil 2018 – 2019
Fógrófar an comórtas do na seomraí atá mar chuid den Scéim Chónaithe ar an 29 Eanáir 2018. Seo an sceideal ama atá molta don chomórtas:
- Spéis a Léiriú (Ar oscailt ó 29 Eanáir chuig 4 Feabhra)
- Reáchtálfar na hagallaimh an tseachtain dár tús 12 agus 13 Feabhra 2018
- Tairgfear áiteanna ar an Scéim Chónaithe do na hiarratasóirí rathúla tar éis dóibh agallamh a dhéanamh le linn na seachtaine 19 – 23 Feabhra 2018
- Ní mór d’iarratasóirí glacadh leis an seomra, an seomra a chur in áirithe agus an costas iomlán a íoc (€450) faoin 2 Márta 2018.
Roghnúchán agus Agallamh
Cuirfidh an tOifigeach tús leis an ngearrliostú bunaithe ar na freagraí a thugann tú san Fhoirm um Léiriú Spéise. Tabharfar cuireadh do na hiarratasóirí atá ar an ngearrliosta páirt a ghlacadh in agallamh gearr le bogadh ar aghaidh go dtí an chéad chéim eile. Cuirfear scéal chuig iarratasóirí nach mbaineann áit ar an ngearrliosta amach nuair atá an próiseas gearrliostaithe curtha i gcrích.
Ní mór don iarratasóir féin freastal ar an agallamh – ní dhéanfar aon agallamh thar Skype nó ar an bhfón. Ba cheart duit do chárta mic léinn a thabhairt leat chuig an agallamh mar chomhartha aitheantais.
Dátaí agus Spriocanna
29 Eanáir – 4 Feabhra 2018
|
Is féidir iarratas ar an Scéim a chur isteach |
4 Feabhra 2018 |
An sprioc d’iarratais ar Chomórtas na Scéime |
An tseachtain ina dhiaidh sin |
Gearrliostú agus glaoch chun agallaimh/Diúltú |
12 agus 13 Feabhra 2018 |
Agallaimh |
16 agus 23 Feabhra 2018 |
Tairiscintí/Diúltú |
2 Márta 2018 |
An sprioc le glacadh le háit ar an Scéim Chónaithe, seomra a chur in áirithe agus an táille áirithinte ar luach €450 a íoc ina iomláine |