Cuallacht Cholm Cille
Buanaíodh Cuallacht Cholmcille sa bhliain 1898 agus is ceann de na cumainn is mó agus is rathúla in Ollscoil Mhá Nuad í sa lá atá inniu ann. Tá sé mar aidhm ag an gCuallacht an Ghaeilge a spreagadh trí imeachtaí taitneamhacha a eagrú, trí chomhoibriú le ranna, oifigí agus cumainn eile agus trí fheachtais spéisiúla a chur ar bun.
D’éirigh le Cumann Gaelach na hOllscoile, Cuallacht Cholmcille, an chéad áit i gComórtas Chonradh na Gaeilge do na cumainn Ghaelacha ollscoile a bhaint amach i Mí Feabhra 2019 don dara bliain le trí bliana anuas. Le feiscint sa ghrianghraf seo leis an ngradam úd ag seoladh Sheachtain na Gaeilge 2019 in Ollscoil Mhá Nuad i Mí an Mhárta (ar deiseal ó thaobh na láimhe clé) tá baill de phríomhchoiste na Cuallachta 2018 - 2019 Laurie Doré, Conor Logue, Ciarán Watts, Róisín Ní Mhaoláin, Róisín Ruth, Michael Monahan, Sinéad Scully, Dúlra Ní Áinle agus Clíodhna Duffy.
Príomhimeachtaí na Cuallachta:
- Tae agus Plé
- Turas chuig Oireachtas na Samhna
- Céilí na Nollag
- Seachtain na Gaeilge
- Bál na Gaeilge
Sonraí teagmhála:
Twitter na Cuallachta
Facebook na Cuallachta
Ríomhphost: cuallacht@nuimsu.com