Oifigeach na Gaeilge – Aontas na Mac Léinn

Cuireann Oifigeach na Gaeilge in Aontas na Mac Léinn an Ghaeilge chun cinn i measc mhac léinn na hOllscoile, mhuintir an Aontais agus fhoireann bhainisteoireachta an Aontais. Oibríonn an tOifigeach in éineacht le Scoil an Léinn Ceiltigh, Oifig na Gaeilge agus Coiste na Gaeilge chun cearta na mac léinn a chosaint agus a chinntiú ó thaobh na Gaeilge de. Caithfear Polasaí Gaeilge an Aontais a chur i bhfeidhm agus stádas na teanga a chinntiú sna foilseacháin oifigiúla agus a leithéid. Is é an ról is tábhachtaí atá ag Oifigeach na Gaeilge ná tuairimí agus smaointe na mac léinn maidir leis an nGaeilge a chur in iúl do na húdaráis chuí ar champas. 
 

Sonraí teagmhála:
Roddie McGuinness,
Oifigeach na Gaeilge agus Gnóthaí Cultúrtha 2020 - 2021,
Aontas na Mac Léinn,
Ollscoil Mhá Nuad,
Maigh Nuad, 
Co. Chill Dara

Fón: (01) 708 3946
Ríomhphost: gaeilge@msu.ie
Twitter: @MSUGaeilge