Maynooth University is an internationally recognised institution located 25 kilometres outside of Dublin, Ireland.

One of four constituent universities of the National University of Ireland, Maynooth University in 2023 ranked # 1 in Ireland (85th in the world) in the latest Times Higher Education (THE) Best Young University Rankings.

On 16 June 2022, Maynooth University celebrated its 25th birthday, having been formally established as an autonomous university in 1997. Yet, it traces its origins to the foundation of the Royal College of St. Patrick in 1795, drawing inspiration from a heritage that includes over 200 years of education and scholarship.

Today, Maynooth University is a place of lively contrasts–a modern institution, dynamic, rapidly-growing, research-led and engaged, yet grounded in historic academic strengths and scholarly traditions.

With over 15,000 students from more than 100 countries, Maynooth offers a range of programmes at undergraduate, Master’s and PhD level in the humanities, science and engineering, and social sciences, including business, law, and education. The University also offers a range of international programmes and partnerships.

Maynooth’s unique collegial culture fosters an interdisciplinary approach to research, which its world-class academics bring to bear in tackling some of the most fundamental challenges facing society today. The University’s research institutes and centres consolidate and deliver this impact as vibrant communities of learning, discovery and creation. Research at Maynooth also is very much central to its teaching, and the University prides itself on placing equal value on its research and teaching missions.

Maynooth University is recognised among the top 500 universities in the world and in the top 250 European universities.

 

Institiúid is ea Ollscoil Mhá Nuad a bhfuil aitheantas idirnáisiúnta aici agus atá 25 ciliméadar taobh amuigh de Bhaile Átha Cliath in Éirinn.

Is ceann de cheithre chomhollscoil Ollscoil na hÉireann í Ollscoil Mhá Nuad agus is rangaithe # 1 in Éirinn (85ú sa domhan) i Rangú na n-Ollscoileanna Óga de chuid Times Higher Education (THE) a bhí sí sa bhliain 2023.

Ar an 16 Meitheamh 2022, rinne Ollscoil Mhá Nuad ceiliúradh ar 25 bliain a bunaithe. Bunaíodh Ollscoil Mhá Nuad go foirmiúil mar ollscoil fhéinrialaitheach in 1997. Ach i ndáiríre, téann stair na hollscoile siar chomh fada le bunú Choláiste Ríoga Naomh Pádraig in 1795 agus faigheann sí inspioráid ó oidhreacht a chuimsíonn breis agus 200 bliain d’oideachas agus de scoláireacht.

Sa lá atá inniu ann, feictear codarsnacht bhríomhar in Ollscoil Mhá Nuad – institiúid nua-aimseartha, fuinniúil, atá ag fás go tapa agus atá gafa le taighde agus dírithe ar an taighde sin ach ag an am céanna atá fréamhaithe i mbuanna acadúla stairiúla agus i dtraidisiún na scoláireachta.

Tá níos mó ná 15,000 mac léinn as breis agus 100 tír ag freastal ar Ollscoil Mhá Nuad agus cuireann sí réimse clár ar fáil ag leibhéal fochéime, Máistreachta agus PhD sna daonnachtaí, san eolaíocht agus san innealtóireacht, agus sna heolaíochtaí sóisialta lena n-áirítear gnó, dlí agus oideachas. Chomh maith leis sin, cuireann an Ollscoil réimse de chláir agus de chomhpháirtíochtaí idirnáisiúnta ar fáil.

Cothaíonn an cultúr uathúil coláisteach atá in Ollscoil Mhá Nuad cur chuige idirdhisciplíneach maidir le taighde agus baineann na hacadóirí den chéad scoth atá ag an ollscoil feidhm as an gcur chuige sin chun aghaidh a thabhairt ar chuid de na dúshláin is mó atá le sárú sa tsochaí sa lá atá inniu ann. Déanann institiúidí agus lárionaid taighde na hOllscoile tionchar an chultúir sin a dhaingniú agus a sholáthar agus iad ag feidhmiú mar phobail bhríomhara a chuireann an léann, an fhionnachtain agus an chruthaitheacht chun cinn. Ina theannta sin, tá páirt thar a bheith tábhachtach ag an taighde a dhéantar in Ollscoil Mhá Nuad i ról teagaisc na hollscoile agus is cúis bhróid don ollscoil go gcuirtear an luach céanna ar na misin atá aici i dtaca le taighde agus teagasc.

Aithnítear ollscoil Mhá Nuad mar ceann de na 600 ollscoil is fearr ar domhan, agus i measc an 250 ollscoil is fearr san Eoraip