Seomra na Gaeilge
 

 

Is spás caidrimh agus comhrá do chainteoirí Gaeilge na hOllscoile é Seomra na Gaeilge. Is í an Ghaeilge teanga cumarsáide an tSeomra.

Is féidir le mic leinn nó baill foirne bualadh isteach ann le labhairt le cairde nó leabhar a léamh ar an gcompord. Bíonn fáilte roimh chách. 

Reáchtáiltear ranganna, cruinnithe agus seisiúin cheoil ann ó am go ham. 

Tá an Seomra lonnaithe i bhFoirgneamh na nEalaíon ar an gCampas Thuaidh.