Welcome to Computer Science at Maynooth University. The Department provides a wide range of undergraduate and postgraduate degree courses in Computer Science, Software Engineering, Multimedia and Mobile Systems along with an extensive research programme leading to M.Sc. and Ph.D. degrees in many exciting areas.

Computers have become a part of everybody’s daily life, and in the Department of Computer Science we teach how computer systems work, with a particular focus on software, and we research into how computer systems will develop into the future. Our courses cover a wide spectrum of topics from software to computer hardware, from internal details of operating systems to computer applications, and from software engineering practice to computational theory. Our approach is to instill a thorough understanding of fundamental principles, while developing analytical abilities and practical skills.

We provide excellent facilities for practical work, with most of our modules including a mix of lectures and lab work. Many of our students also spend time working in industry as part of their course. We endeavour to provide a supportive and enjoyable atmosphere for learning - we provide a programming helpdesk, extensive assistance during practical work - and we are always available outside of lectures to help our students.

Please explore our website to find out more about our courses, our research, and our staff.

Fáilte go dtí an Roinn Ríomheolaíochta in Ollscoil na hÉireann, Maigh Nuad. Cuireann an Roinn seo raon leathan cúrsaí fochéime agus iarchéime ar fáil sa Ríomheolaíocht, in Innealtóireacht Bhogearraí, sna hIlmheáin agus i gCórais Mhóibíleacha, mar aon le clár leathan taighde as a leanann céimeanna M.Sc agus Ph.D., i mórchuid réimsí spreagúla.

Tá ríomhairí i gcroílár ár saolta laethúla agus, i Roinn na Ríomheolaíochta, múinimid conas mar a oibríonn córais ríomhaire, ag díriú ach go háirithe ar bhogearraí, agus téimid i mbun taighde ar conas mar a fhorbróidh córais ríomhaire sa todhchaí. Tá roinnt mhaith ábhar éagsúla pléite inár gcúrsaí, lena n-áirítear bogearraí, crua-earraí ríomhaire, mionshonraí inmheánacha de chórais oibriúcháin, feidhmiúcháin ríomhaire, cleachtas innealtóireachta bogearraí agus teoiric ríomhaireachtúil. Is é an cur chuige atá againne ná tuiscint chríochnúil ar na bunphrionsabail a thabhairt agus ardchumas anailíse agus scileanna praiticiúla a fhorbairt chomh maith.

Cuirimid áiseanna den chéad scoth ar fáil don obair phraiticiúil, óir tá meascán de léachtaí agus obair shaotharlainne i gceist sa chuid is mó denár modúil. Caitheann roinnt mhaith denár mic léinn seal ag obair amuigh san earnáil féin mar chuid den chúrsa atá ar bun acu. Déanaimid ár ndícheall chun atmaisféar tacúil agus taitneamhach a chruthú ar mhaithe le foghlaim – i measc ár seifteanna tá deasc chabhrach ríomhchlárúcháin agus cúnamh cuimsitheach le linn na hoibre praiticiúla – agus bímid i gconaí taobh amuigh de léachtaí chun dul i gcabhair ar ár mic léinn.

Fiosraigh ár gcúrsaí, ár gcuid taighde agus ár bhfoireann ar an suíomh gréasáin seo le do thoil.