Welcome to the website of the Department of Modern Irish. In this you will find information on our undergraduate and postgraduate courses, on departmental staff and on various activities organised within the department.
~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~

An MA Nua-Ghaeilge in Ollscoil Mhá Nuad 
 
Éagsúlacht Roghanna agus Deiseanna den Scoth 
 
Ar mhaith leat a bheith i do shaineolaí Gaeilge agus scileanna comhthreomhara ilchineálacha eile a fhorbairt ag an am gcéanna? B'fhéidir go bhfuil suim mhór agat sna meáin agus i gcúrsaí cumarsáide; b'fhéidir go bhfuil tú gafa go huile is go hiomlán le cúrsaí litríochta agus anailíse; b'fhéidir go bhfuil dúil mhór agat i dtréimhsí stairiúla na teanga agus i lámhscríbhinní; b'fhéidir gur ealaíontóir cruthaitheach tú ar mhaith leat a bheith ag damhsa, ag amhrán, ag seinnt ceoil, ag ceapadh filíochta nó próis,nó ag gníomhú go healaíonta i mbealaí eile mar dhlúthchuid de do chúrsa MA. 
 
Más mar sin é, cuirfear fearadh na fáilte romhat ar chúrsa MA Nua-Ghaeilge Ollscoil Mhá Nuad!  MA Nua-Ghaeilge 2024/25

Cén saghas cúrsa é?

Cúrsa é seo dóibh siúd ar spéis leo eolas leitheadach domhain a chur ar theanga agus ar shaíocht na Gaeilge ar mhaithe le forbairt ghairmiúil agus forbairt phearsanta. Leagtar béim ar chruinneas agus ar shaibhreas teanga tríd síos ach tugtar deis do mhic léinn díriú ar na sainábhair is spéis leo féin. Chuige sin, tugtar rogha do mhic léinn tabhairt faoi cheann amháin de na trí shruth seo a leanas:
 

  • Cruinneas, Saibhreas agus Cumarsáid (na meáin)
  • Litríocht agus Critic
  • Na Taibhealaíona agus An Traidisiún Béil

Is féidir an chéim Mháistreachta a dhéanamh go lánaimseartha (bliain amháin) nó go páirtaimseartha (dhá bhliain). Trí mheán scrúduithe agus tionscnaimh taighde a dhéantar obair na mac léinn a mheas.


Scoláireacht an Oireachtais agus Scoláireacht Nua Eile i dTaibhealaíona na Gaeilge agus na Gaeltachta fógartha don bhliain acadúil 2023/24 ag Ollscoil Mhá Nuad 
Is cúis mhór áthais dúinn é go mbeidh Scoláireacht an Oireachtais (€3000) á cur ar fáil don sruth MA Nua-Ghaeilge i dTaibhealaíona agus i dTraidisiúin Bhéil na Gaeilge arís i mbliana. Tá tuilleadh eolais faoin gclár nuálach MA seo la fáil ag an nasc seo a leanas https://tinyurl.com/4a24krvs . Le cur le fís an Oireachtais maidir le cur chun cinn na dtaibhealaíon Gaeilge/Gaeltachta trí Scoláireacht an Oireachtais a chur ar fáil do mhic léinn, beidh an dara scoláireacht (€2000) á cur ar fáil ag Ollscoil Mhá Nuad le tacú le cleachtóirí ar mian leo tabhairt faoin sruth nuálach MA seo go sonrach, don chéad uair i mbliana. Is deis iontach í seo d’ealaíontóirí Gaeilge/Gaeltachta de gach saghas – mar shampla, amhránaithe, ceoltóirí, damhsóirí, aisteoirí, scríbhneoirí, nó cleachtóirí ealaíonta eile. Is féidir le hiarrthóirí cur isteach ar an dá scoláireacht, agus tá tuilleadh sonraí le fáil thíos. 

Tuilleadh eolais le fáil sa bhileog eolais seo a leanas:  Scoláireacht an Oireachtais 2023/24

Is féidir eolas a fháil ar an sruth nua MA Nua-Ghaeilge Taibhealaíona agus Traidisiúin Bhéil na Gaeilge sa bhileog seo   Taibhealaíona agus Traidisiúin Bhéil na Gaeilge
nó dul i dteagmháil leis an Ollamh le Nua-Ghaeilge agus le Taibhealaíona, Tríona Ní Shíocháin, ag triona.nishiochain@mu.ie.