An raibh a fhios agat gur féidir leat staidéar a dhéanamh ar chúrsaí breise sa Ghaeilge sa bhreis ar do chéim? Baineann go leor buntáistí le hinniúlacht sa dara teanga. Ní hamháin gur féidir le scileanna teanga cur le do CV agus d’infhostaitheacht, ach tá sé léirithe go bhfeabhsaíonn cláir theanga feidhmiú acadúil ginearálta agus cumas intleachtúil an mhic léinn. Tá na ranganna seo, atá bunaithe ar shiollabais TEG (Teastas Eorpach na Gaeilge), deartha go speisialta d’fhoghlaimeoirí fásta.
Le tuilleadh eolais a fháil breathnaigh ar an leathnach do ranganna na mac léinn!
Did you know you can take extra modules in Irish outside your chosen degree? There are many benefits to being proficient in a second language. Not only can language skills boost your CV and employability, participation in language programmes have been shown to improve students' general academic performance and intellectual ability. Based on TEG (Teastas Eorpach na Gaeilge) syllabuses, these courses are specifically designed for adult learners.
For more information have a look at the student classes page!
Cuirtear modúl LC101 ar fáil chun dúshraith sa Ghaeilge a thabhairt do mhic léinn idináisiúnta, trí scileanna tuisceana, labhartha, léitheoireachta agus scríbhneoirachta a fhorbairt. Tá cultúr na Gaeilge ina chuid lárnach den chúrsa seo chomh maith agus an-éileamh air gach bliain acadúil.
Le tuilleadh eolais a fháil breathnaigh ar an leathnach do ranganna idirnáisiúnta!
The LC101 module for international students aims to provide a solid basis in the Irish language for complete beginners, through developing understanding, speaking, reading and writing Irish skills at a basic level. Irish language culture is an integral part of this popular course. For further information, contact larionad.gaeilge@mu.ie
Is féidir le baill foirne Ollscoil Mhá Nuad freastal ar ranganna Gaeilge i rith na bliana acadúla, ag gach leibhéal, ó bhonnleibhéal go hardleibhéal. Cuirtear eolas faoi na cúrsaí seo chuig baill foirne i mí Dheireadh Fómhair gach bliain.
Le tuilleadh eolais a fháil breathnaigh ar an leathnach do ranganna foirne!
Maynooth University staff can avail of Irish classes during the academic year, at all levels from beginner to advanced. Information on courses is emailed to staff in October each year.
For more information have a look at the staff classes page!
Cuireann Lárionad na Gaeilge ranganna oíche ar fáil sa Ghaeilge. Tá na ranganna seo, atá bunaithe ar shiollabais TEG (Teastas Eorpach na Gaeilge), deartha go speisialta d’fhoghlaimeoirí fásta.
Le tuilleadh eolais a fháil breathnaigh ar an leathnach do ranganna an phobail!
Maynooth University Centre for Irish runs Irish language evening classes at various levels. Based on the TEG (Teastas Eorpach na Gaeilge) syllabuses, these courses are specifically designed for adult learners.
For more information have a look at the classes for the public page!