Beidh ar iarrthóirí a léiriú go bhfuil caighdeán ar leith Gaeilge acu chun go mbeidh siad i dteideal áit a fháil ar an gcúrsa, chomh maith leis na scileanna teicneolaíochta cuí chun a bheith in ann obair an chúrsa a chomhlíonadh. Chuige sin, beidh scrúdú iontrála (scríofa agus cainte) agus agallamh i gceist ar líne.
Beidh an scrúdú bunaithe ar scrúdú TEG B2 (Meánleibhéal 2). Cuirfear treoracha ar fáil maidir leis na scrúduithe agus an t-agallamh nuair a bheidh na hiarratais próiseáilte.
Beidh na scrúduithe iontrála ar siúl i Mí an Mheithimh 2025. Beidh an próiseas iarratais oscailte anseo go luath. Idir an dá linn, má tá tú ag iarraidh do spéis sa chúrsa a léiriú, seol d’ainm agus do sheoladh ríomhphoist chuig [email protected] agus cuirfear ar an eolas thú a luaithe is atá an córas iontrála oscailte.
Cé air a bhfuil an cúrsa dírithe?
Tá an cúrsa seo oiriúnach do chineálacha éagsúla múinteoirí Gaeilge lonnaithe aon áit ar domhan:
• Múinteoirí meánscoile atá cáilithe chun Gaeilge a mhúineadh ach atá ag iarraidh cur lena gcuid scileanna teagaisc agus aiseolas a fháil faoi ghnéithe éagsúla dá gcuid teagaisc.
• Múinteoirí atá ag múineadh ranganna Gaeilge d’fhoghlaimeoirí fásta sa phobal – in ionad pobail, b’fhéidir, nó ag múineadh ranganna ar líne d’fhoghlaimeoirí fásta.
• Teagascóirí ollscoile atá ag múineadh na Gaeilge do mhic léinn tríú leibhéal.
An gá cáilíocht nó taithí teagaisc chun freastal ar an gcúrsa?
Ní gá. Tá an cúrsa seo oiriúnach dóibh siúd nach bhfuil aon taithí teagaisc acu, dóibh siúd ar bheagán taithí, agus dóibh siúd atá ag múineadh na Gaeilge le fada ach atá ag iarraidh cur lena gcuid scileanna.
An cúrsa Gaeilge é?
Ní cúrsa Gaeilge é an cúrsa seo. Is cúrsa é i múineadh na Gaeilge – pléifidh an cúrsa le modheolaíochtaí teagaisc, leis an dea-chleachtas i múineadh teangacha agus le scileanna praiticiúla don seomra ranga. Beidh ar iarrthóirí a léiriú go bhfuil caighdeán ar leith Gaeilge acu chun go mbeidh siad i dteideal áit a fháil ar an gcúrsa. Léireoidh siad an caighdeán seo i scrúdú iontrála scríofa agus cainte a bheidh bunaithe ar scrúdú TEG B2.
Cad é ábhar an chúrsa?
Beidh deis ag rannpháirtithe an chúrsa seo foghlaim faoi ghnéithe éagsúla de mhúineadh agus d’fhoghlaim na Gaeilge agus an méid a fhoghlaimíonn siad a chur i bhfeidhm ar a gcleachtas féin sa seomra ranga nó sa seomra ranga ar líne. Cuirfear béim leanúnach ar scileanna praiticiúla a bhaineann le pleanáil éifeachtach agus le dearadh gníomhaíochtaí atá in oiriúint do riachtanais na bhfoghlaimeoirí.
Sampla de thopaicí a bpléifear leo ná: • Riachtanais an fhoghlaimeora teanga • An Fráma Tagartha Comónta Eorpach • An siollabas teanga agus pleanáil siollabas • An rang teanga agus pleanáil ranga • Gníomhaíochtaí don seomra ranga • Léamh agus scríobh sa seomra ranga • An chaint agus foghraíocht • An chluastuiscint agus téacsanna físe • An ghramadach agus feasacht teanga.
Cén fhad a bheidh an cúrsa?
Tosóidh an cúrsa i Meán Fómhair 2025 agus beidh sé ar siúl go dtí Bealtaine 2026.
An mbeidh orm taisteal go Má Nuad?
Ní bheidh. Reáchtáiltear gach uile ghné den chúrsa seo ar líne – na ceardlanna, an obair cúrsa, an scrúdú iontrála, na tacaíochtaí a chuirtear ar fáil. Pléitear leis an gcleachtadh teagaisc ar líne chomh maith (nó trí mheán taifeadtaí).
An mbeidh cáilíocht agam?
Beidh teastas Ollscoile (Leibhéal 6) ó Ollscoil Mhá Nuad á bhronnadh orthu siúd a chomhlíonann an cúrsa go sásúil.
Cad atá i gceist leis an gcleachtadh teagaisc?
Beidh ar rannpháirtithe an chúrsa cleachtadh teagaisc 30 uair an chloig a chomhlíonadh. Is faoi na rannpháirtithe féin atá sé an cleachtadh teagaisc seo a eagrú – ní ranganna de chuid an Lárionaid atá iontu.
Cuirfidh rannpháirtithe taifeadadh ar fáil de 3 rang (nó nasc fíorúil chuig rang) agus gheobhaidh siad aiseolas cuimsitheach faoi 2 cheann de na ranganna sin ó mheantóir a bheidh ag obair leo le linn an chúrsa.
Má tá ranganna sin ar siúl i seomra ranga meánscoile, beidh ar rannpháirtithe cead na ndaltaí agus na bainistíochta a fháil chun na taifeadtaí a chur ar fáil (tuilleadh eolais ar fáil faoi seo ach teagmháil a dhéanamh linn).
Más ranganna d’fhoghlaimeoirí fásta atá i gceist, beidh an cur chuige céanna i gceist. Déanfaidh rannpháirtithe taifeadadh de 3 rang, nó eile déanfaidh siad nasc a sholáthar chuig rang beo (trí Zoom nó trí Teams, cuir i gcás). D’fhéadfadh go mbeadh na ranganna d’fhoghlaimeoirí fásta ag tarlú aon áit ar domhan nó ar líne agus beidh cead na rannpháirtithe le cur ar fáil chomh maith. Cuirfear cabhair agus treoir ar fáil maidir leis na gnéithe praiticiúla seo de réir mar a théann an cúrsa ar aghaidh (Cuirfear foirmeacha ceada ar fáil le roinnt le foghlaimeoirí).
Cad é an t-ualach oibre a bheidh i gceist?
• An ghné shioncronach: Beidh ceardlann ar siúl uair sa mhí ó 7-9pm tráthnóna Dé Luain. Beidh seisiún tacaíochta (roghnach) ar siúl uair sa mhí chomh maith ó 7-8pm tráthnóna Dé Luain. Beidh rannpháirtithe an chúrsa ag múineadh ranganna i rith thréimhse an chúrsa – 30 uair an chloig ar fad. Gheobhaidh siad 3 chuairt ó mheantóir a bheidh ag obair leo, agus dhá sheisiún aiseolais / tacaíochta.
• Ábhar aisioncronach: Beidh rochtain ag rannpháirtithe ar ábhar tacaíochta ar shuíomh Moodle an chúrsa – ábhar físe, fuaime agus léitheoireachta a thacóidh leo leis an teagasc. Gheobhaidh siad comhairle san ábhar sin maidir le conas ranganna a phleanáil, conas gníomhaíochtaí ranga a dhearadh, conas plé le scileanna éagsúla sa seomra ranga agus mar sin de. Déanfaidh siad tascanna míosúla bunaithe ar an ábhar sin. Beidh tionscadal le cur i gcrích bunaithe ar fhéin-anailís ar an teagasc agus ar an aiseolas ón meantóir. Beidh fillteán teagaisc le cur le chéile ina mbeidh samplaí de phleananna ceachta agus d’ábhar eile bunaithe ar na ranganna.
Cad é costas an chúrsa?
Tá costas eur600 ar an gcúrsa.
Cad iad na spriocdhátaí?
Is é an spriocdháta iontrála atá ann ná an 30 Bealtaine 2025. Ina dhiaidh sin beidh scrúdú iontrála (scríofa agus cainte) le déanamh ag iarrthóirí idir an 16-18 Meitheamh chun a bheith i dteideal áit a fháil ar an gcúrsa. Cuirfear scéala chuig iarrthóirí faoi dheireadh mhí an Mheithimh agus tosóidh an cúrsa féin ar an 15 Meán Fómhair.
Cad atá i gceist leis an scrúdú iontrála?
Seolfar gach eolas faoi na scrúduithe iontrála amach chuig iarrthóirí a luaithe is atá na hiarratais próiseáilte ag tús mhí an Mheithimh.
Mar eolas ginearálta, is é atá i gceist leis na scrúduithe iontrála ná scrúdú cainte/agallamh agus scrúdú scríofa a bheidh ar siúl ar líne. Tá an scrúdú scríofa bunaithe ar Leibhéal B2 de TEG. Ní scrúdú iomlán TEG B2 atá ann ach tá sé bunaithe ar scrúdú Mheánleibhéal 2. Mairfidh an scrúdú scríofa 60 nóiméad agus beidh 3 cheist ann. Beidh na trí cheist ar aon dul le Ceisteanna 1, 2 & 3 sa rannóg scríbhneoireachta i Scrúdú Mheánleibhéal 2 (B2). Féach www.teg.ie. Ní bheidh Ceist 4 (Aistrigh na habairtí) le déanamh mar chuid den scrúdú seo.
Is é atá i gceist leis an scrúdú cainte / agallamh ná sleamhnán a chur i láthair faoi ghné éigin de theagasc na Gaeilge (seolfar an topaic amach in éineacht leis an eolas faoi na scrúduithe).
Conas a chuirfidh mé isteach ar an gcúrsa?
Beidh an córas iontrála don chúrsa oscailte i mí an Aibreáin. Idir an dá linn, seol ríomhphost chuig [email protected] chun spéis a léiriú sa chúrsa. Cinnteofar ansin go gcuirfear ar an eolas tú nuair a bheidh an córas iontrála beo.
Conas a gheobhaidh mé tuilleadh eolais?
Is féidir teagmháil a dhéanamh le stiúrthóir an chúrsa ag [email protected] má theastaíonn tuilleadh eolais uait nó má theastaíonn uait an chúrsa a phlé.