Oifig na Gaeilge, Ollscoil Mhá Nuad
ToggleNews
Seomra na Gaeilge seolta go hoifigiúil ag Uachtarán Ollscoil Mhá Nuad, an tOllamh Pilib Ó Nualláin
Sheol Uachtarán Ollscoil Mhá Nuad, An tOllamh Pilib Ó Nualláin, Seomra Gaeilge na hOllscoile go hoifigiúil an tseachtain seo. Spás sóisialta ar leith atá ann do phobal na hOllscoile an Ghaeilge a labhairt.
Date: Thursday, 28 January 2016
Ollscoil Mhá Nuad ar cheann de na 200 Ollscoil idirnáisiúnta is fearr
Tá Ollscoil Mhá Nuad ranguithe ag Times Higher Education (THE) mar cheann de na 200 Ollscoil idirnáisiúnta is fearr. Dearbhú atá ann ar an seasamh atá ag Ollscoil Mhá Nuad mar institiúid domhanda.
Date: Thursday, 14 January 2016
Cistiú do thaighde ar an gcúram a thugtar d’othair a bhfuil titimeas orthu bronnta ar Ollscoil Mhá Nuad i gcomhar le taighdeoirí ó Choláiste Ríoga na Máinlianna in Éirinn
Tá cistiú ar fiú €280,000 é bronnta ar acadóirí ó Ollscoil Mhá Nuad, ó Choláiste Ríoga na Máinlianna in Éirinn agus ó Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath. Oibreoidh na hacadóirí as lámha a chéile ar thaighde a chuirfidh lenár dtuiscint ar an gcúram a thugtar dóibh siúd a bhfuil galar ainsealacha orthu, titimeas san áireamh.
Date: Tuesday, 12 January 2016
Dochtúireacht Bronnta ag Ollscoil Mhá Nuad ar Emily Logan agus ar William Desmond
Inniu, bhronn Ollscoil Mhá Nuad dochtúireachtaí oinigh ar bheirt a bhfuil comaoin curtha acu ar shochaí na hÉireann – An tOllamh William Desmond, fealsamh a bhfuil meas air i mbaile agus i gcéin; agus Emily Logan, atá ina céad Phríomhfheidhmeannach ar Choimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas.
Date: Wednesday, 28 October 2015
Scrúdú TEG Ardleibhéal 1 (C1) 2016
Beidh Scrúdú TEG Ardleibhéal 1 (C1) ar fáil sa bhliain 2016.
Date: Friday, 23 October 2015
Cluiche peile trí Ghaeilge imeartha ag foireann ó Roinn Froebel i gcoinne ‘Na Gaeil Óga’
D’imir peileadóirí ó Roinn Froebel cluiche peile trí Ghaeilge i gcoinne Na Gaeil Óga ag ócáid speisialta in Ollscoil Mhá Nuad le déanaí.
Date: Wednesday, 07 October 2015
Irisleabhar Mhá Nuad 2015 seolta go hoifigiúil
Seoladh Irisleabhar Mhá Nuad 2015, an tréimhseachán ollscoile is sine in Éirinn in aon teanga, ag ócáid speisialta in Ollscoil Mhá Nuad ar an Aoine, 25 Meán Fómhair.
Date: Friday, 02 October 2015
Ollscoil Mhá Nuad ar cheann de na 400 Ollscoil is Fearr ar Domhan
Tá feabhas suntasach tagtha ar sheasamh Ollscoil Mhá Nuad i Ranguithe Ollscoile an Domhain atá foilsithe ag Times Higher Education (THE). Tá an ollscoil sa bhanda 351 – 400 (idir an 350ú háit agus an 400ú háit ar domhan) anois. Dar leis an THE, is iontach an éacht é seasamh Mhá Nuad. Tá an scór iomlán a bhain an Ollscoil amach sa bhliain 2015 níos fearr ná aon scór atá bainte amach aici riamh. Bunaítear an rangú seo ar trí tháscaire feidhmíochta dhéag a dearadh le tomhas a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí ollscoile san iomlán; taighde, teagasc, clú, comhpháirtíochtaí tionsclaíochta agus dearcadh idirnáisiúnta san áireamh.
Date: Thursday, 01 October 2015
Bronnann Ollscoil Mhá Nuad Dochtúireachtaí Oinigh
Bronnann Ollscoil Mhá Nuad Dochtúireachtaí Oinigh ar John Lonergan, Iar-Ghobharnóir Phríosún Mhuinseo, agus ar Tomi Reichental, a tháinig slán as na sluachampaí géibhinn.
Date: Thursday, 24 September 2015
Seisiún Oiliúna curtha ar fáil do mhic léinn ón Scéim Chónaithe
Chuir Oifig na Gaeilge, Ollscoil Mhá Nuad seisiún oiliúna ar fáil do na mic léinn nua a bheidh mar chuid de Scéim Chónaithe Ollscoil Mhá Nuad 2015 – 2016.
Date: Wednesday, 16 September 2015