Cistiú do thaighde ar an gcúram a thugtar d’othair a bhfuil titimeas orthu bronnta ar Ollscoil Mhá Nuad i gcomhar le taighdeoirí ó Choláiste Ríoga na Máinlianna in Éirinn

Tuesday, January 12, 2016 - 16:45

Tá cistiú ar fiú €280,000 é bronnta ar acadóirí ó Ollscoil Mhá Nuad, ó Choláiste Ríoga na Máinlianna in Éirinn agus ó Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath. Oibreoidh na hacadóirí as lámha a chéile ar thaighde a chuirfidh lenár dtuiscint ar an gcúram a thugtar dóibh siúd a bhfuil galar ainsealacha orthu, titimeas san áireamh. Tá sé mar aidhm ag Epilepsy Partnership in Care (E-PIC) sonraí a bhaineann le húsáideoirí agus le soláthraithe na seirbhísí sláinte in Éirinn a chur ar fáil. Cabhróidh an t-eolas seo leis an gcóras sláinte cúram atá dírithe ar an othar a chur ar fáil. Oibreoidh na hacadóirí go dlúth leis an Dr Colin Doherty, Ceannaire Náisiúnta um Thitimeas le Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS), le cinntiú go gcloífidh an taighde leis an aidhm feabhas leanúnach a chur ar chaighdeán agus ar shábháilteacht chúram othar.
 

Cuireann an bainistiú a dhéantar ar ghalair ainsealacha brú ollmhór ar sheirbhísí sláinte ar fud na cruinne. Tá E-PIC i mbun taighde ar Thitimeas, galar ainsealach a chuireann ualaí éagsúla ar an gcóras sláinte. Tugann sé seo le fios go bhfuil tuiscint níos fearr ar thaithí na n-othar agus ar thaithí na soláthraithe de dhíth orainn. Thiocfadh le straitéisí sláinte a bhaineann úsáid as na sonraí sin an brú atá ar an gcóras a laghdú trí neamhéifeachtúlachtaí a aimsiú agus cur chuige atá dírithe ar an othar a chur i bhfeidhm.

Díreoidh an taighde ar an deighilt atá ann idir na seirbhísí atá ar fáil agus eispéireas na ndaoine a bhfuil galar ainsealach orthu. Cé go bhfaigheann soláthraithe na seirbhísí sláinte eolas faoi fheidhmiúlacht na seirbhísí sin ó shuirbhéanna um shástacht othar, cuirfidh an cur chuige eitneagrafach atá in úsáid ag E-PIC an t-eolas seo i gcomhthéacs agus tarraingeoidh sé aird ar thosca nach ndéanann na proifisiúnaigh leighis taifead orthu faoi láthair.
Ón gclinic go dtí an seomra suí, cuirfidh taighdeoirí agallaimh ar othair agus reáchtálfaidh siad grúpaí fócais. Cuirfidh soláthraithe seirbhíse leis an taighde seo chomh maith trí mhodhanna a bhaineann le Taighde Gníomhaíochta. Agus polasaithe chúraim atá dírithe ar othair á gcur i bhfeidhm ag FSS, beidh sé mar aidhm ag soláthraithe seirbhíse feidhmeanna na seirbhísí a fheabhsú mar thoradh ar an taighde seo.

Bhí an méid seo le rá ag an Dr A. Jamie Saris, Léachtóir Sinsearach san Antraipeolaíocht, Ollscoil Mhá Nuad, agus duine de na príomhthaighdeoirí: “Tá saineolas ar leith ag daoine maidir lena saol féin agus tá tuiscint sin ag croílár an taighde seo. Is léir go mbíonn tionchar suntasach ag an saineolas sin ar riocht sláinte an duine. Seo ceann de na céad iarrachtaí atá déanta sa réimse taighde seo in Éirinn an t-eolas seo a bhailiú ionas go mbeidh an deis ag lucht déanta beartas úsáid a bhaint as ar son leas an phobail.”

Dúirt Mary Fitzsimmons, Príomhthaighdeoir, Coláiste Ríoga na Máinlianna in Éirinn: “Díreoidh an taighde seo ar chúram atá dírithe ar an othar. Cé gur coincheap follasach atá ann, uaireanta ní chuirtear i bhfeidhm é. Cuirfidh an taighde seo leis an tuiscint atá ag soláthraithe sláinte ar thaighde gníomhaíochta agus ar an bhfoghlaim. D’fhéadfadh sé tionchar láithreach a bheith aige ar chaighdeán an chúraim a thugtar d’othair agus ar shábháilteacht othar. D’fhéadfaí úsáid a bhaint as torthaí an taighde seo i réimsí taighde a bhaineann le galar ainsealacha eile atá chomh casta céanna.”

Chuir Richard Corbridge, Príomhoifigeach Faisnéise, FSS, fáilte roimh an dul chun cinn atá déanta sa réimse taighde seo a bhaineann le seirbhísí sláinte in Éirinn: “Sa lá atá inniu ann, déanann córais sláinte dearmad go minic gur cheart go mbeadh an t-othar ag croílár na hoibre. Tá tábhacht ar leith ag baint leis an taighde seo d’Éirinn toisc go dtabharfaidh sé deis don chóras iomlán tuiscint a fháil ar na bealaí gur féidir gníomhú cuí a bhaint amach agus córas a fhreastalaíonn ar an othar a fhorbairt, córas nach gcuireann bac roimh dhaoine a bhfuil cúram de dhíth orthu.”

Comhaontas is ea Gradam an Chomhair Taighde don Ardchaighdeán agus do Shábháilteacht Othar ina bhfuil an Bord Taighde Sláinte, Coláiste Ríoga na Lianna in Éirinn agus FSS páirteach.  Tá sé mar aidhm ag an gcomhaontas taighdeoirí ardchaighdeáin ó dhisciplíní éagsúla a thabhairt le chéile le haghaidh a thabhairt ar fhíorcheisteanna sa chóras sláinte in Éirinn ar bhonn réigiúnda agus go náisiúnta. Tacóidh an cistiú atá curtha ar fáil don tionscadal seo le beirt chomhaltaí iardhochtúireachta thar dhá bhliain. Beidh siad lonnaithe in Ollscoil Mhá Nuad agus i gColáiste Ríoga na Máinlianna in Éirinn.