'Pádraic Ó Conaire - an tAiséirí' ar stáitse in Ollscoil Mhá Nuad

Monday, February 29, 2016 - 14:45

Mar chuid de chomóradh 1916, chuir Oifig na Gaeilge in éineacht le Roinn na Nua-Ghaeilge agus Cuallacht Choilm Cille, an dráma aonair eachtrúil, Pádraic Ó Conaire – an tAiséirí, ar stáitse ar an 29 Feabhra.  

Tá an dráma dátheangach seo, a bhfuil gradam bronnta air, léirithe ag Diarmuid de Faoite. D’fhreastail breis agus 130 duine ar ócáid; mic léinn, baill foirne agus baill den phobail san áireamh.

Baineann an dráma le saol agus le saothar an Chonairigh chomh maith leis an tréimhse staire sin go léir: bunú Chonradh na Gaeilge, an athbheochan Cheilteach, an Éirí Amach, an Sóisialachas, Cogadh na gCarad agus bunú an tSaorstát. Bronnadh cúig réalta ar an dráma iontach seo nuair a céad léiríodh é sa bhliain 2001.

Ba mhaith le hOifig na Gaeilge buíochas a ghabháil le Coiste 1916. Chabhraigh maoiniú ón gcoiste linn an ócáid iontach seo a chur ar fáil do phobal na hOllscoile. 

Páraic Ó Conaire