Conair Chreidiúnaithe nua do Chlár Ceannaireachta Madden, Cumann Imreoirí Gael, fógartha ag Ollscoil Mhá Nuad

Friday, January 29, 2016 - 14:30

D’fhógair Ollscoil Mhá Nuad inniu go bhfuil creidiúnú tugtha aici do Chlár Ceannaireachta Jim Madden, Cumann Imreoirí Gael (CIG). Dearadh an clár seo le deis a thabhairt d’imreoirí contae a imríonn peil Ghaelach, iománaíocht, peil na mban agus camógaíocht, scileanna ceannaireachta a fhorbairt.

Le freastal a dhéanamh ar scoth-lúthchleasaithe, cuirtear an Clár Ceannaireachta in oiriúint don duine aonair. Oibríonn gach mac léinn le hoide saoil ghairmiúil le haghaidh a thabhairt ar a riachtanais forbartha agus le cabhrú leis nó léi a spriocanna pearsanta a bhaint amach.

Freastalóidh na mic léinn ar cheardlanna a dhíreoidh ar fhorbairt phearsanta, ar scileanna idirphearsanta agus ar ghrúpscileanna. Dearadh na ceardlanna seo le measúnú a dhéanamh ar na láidreachtaí agus ar na laigí ceannaireachta atá acu. Chomh maith leis sin, freastalóidh na mic léinn ar shraith de mháistir-ranganna ceannaireachta a bheidh á gcur ar fáil ag saineolaithe ar chúrsaí gnó, pobail agus spóirt. Is é aidhm na ranganna seo fiosrúchán a dhéanamh ar an iompar, ar na tréithe agus ar na cumais a theastaíonn le heochairscileanna ceannaireachta a chothú. Cuirfear an chonair chreidiúnaithe ar fáil tríd an Roinn Oideachais in Ollscoil Mhá Nuad agus dearadh í le cur le taithí an mhic léinn. Bainfidh na mic léinn cáilíocht sa cheannaireacht ghairmiúil amach.

Chuir Uachtarán Ollscoil Mhá Nuad, An tOllamh Pilib Ó Nualláin, fáilte roimh an gcomhpháirtíocht chreidiúnaithe: “Tuigeann an Ollscoil go maith an ról atá aici ceannairí na todhchaí a chothú. Tá sé i gceist againn a chinntiú go bhfuil na scileanna cuí ag ár gcéimithe, scileanna a chabhróidh leo cuidiú lena bpobail. Is comhpháirtíocht nádúrtha í an chomhpháirtíocht seo leis an CIG, toisc go bhfuil CLG ag díriú go mór ar an bpobal ó bunaíodh é. Cuireann an clár seo deis iontach ar fáil do scoth-lúthchleasaithe forbairt a dhéanamh agus a bheith ina gceannairí pobail amach anseo. Cuireann an clár leis an réimse leathan de chláir cheannaireachta atá ar fáil in Ollscoil Mhá Nuad chomh maith.”

Agus é ag labhairt ag an ócáid, dúirt Dermot Earley, Uachtarán Chumann Imreoirí Gael: “Tá ríméad orainn go mbeidh an chonair chreidiúnaithe bhreise seo ó Ollscoil Mhá Nuad ag Clár Ceannaireachta Madden CIG, clár atá ar an bhfód le breis agus bliain anuas. Tá sé mar chuid den Chomhpháirtíocht Chreidiúnaithe idir Ollscoil Mhá Nuad agus CIG. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis an Ollamh Ó Nualláin agus a fhoireann as an deis seo a chur ar fáil. Inniu, cuirimid fáilte roimh an Dara Bliain de rannpháirtithe Madden agus tugaimid urraim don chéad ghrúpa d’imreoirí iarchéime ó Chlár Madden – is cúis bhróid í an ócáid seo do CIG agus do mhuintir Madden – tugann an fógra ó Ollscoil Mhá Nuad ardú meanman do na páirtithe leasmhara go léir, na himreoirí atá páirteach sa chúrsa ach go háirithe. Cuireann Clár Madden deis den scoth ar fáil d’imreoirí cur lena bhforbairt phearsanta.”

Cuireadh an Clár ar fáil an chéad lá riamh mar thoradh ar thacaíocht ó Michael Madden agus óna theaghlach. Thiomnaigh siad an curaclam nua in ómós dá n-athair, Jim, atá ar shlí na fírinne. Ba ghníomhaíoch CLG agus pobail é Jim a d’oibrigh gan stad gan staonadh leis an bpobal i dTiobraid Árainn. Bhí ról gníomhach ag Jim i gCumann an Phoirt Rua ar feadh a shaoil agus ba roghnóir é ar fhoireann camógaíochta Thiobraid Árann a bhain cáil amach nuair a d’éirigh leo Cluiche Ceannais na hÉireann a bhuachan trí huaire i ndiaidh a chéile, idir 1999 agus 2001.

Tá cúig chumann CLG ag Ollscoil Mhá Nuad agus tá 400 ball ag na cumainn sin san iomlán. Tá scoláireacht CLG Ollscoil Mhá Nuad ar an bhfód le thart ar 20 bliain. Tá Michael Darragh McAuley, Peileadóir na Bliana in 2013, agus David McInerney, Buaiteoir Sinsear na hÉireann san Iománaíocht, i measc na ndaoine ar bronnadh an scoláireacht seo orthu.

Is é CIG an comhlacht ionadaíoch oifigiúil d’imreoirí contae. Eagraíocht neamhbhrabúis atá inti a dhéanann ionadaíocht ar bhreis agus 2,000 imreoir reatha agus ar líon iarimreoirí, líon atá ag dul i méid an t-am ar fad.  Tá Clár Ceannaireachta Madden, CIG, mar chuid de Chlár Oideachais CIG. Tá breis agus 3,069 scoláireacht oideachais agus oiliúna curtha ar fáil ag an CIG d’imreoirí a ghlacann páirt i gcláir fochéime agus iarchéime agus i gcláir bhreisoideachais.
 

 
Céimithe ó Chlár Ceannaireachta Jim Madden, CIG, 2015/2016  
Gemma Begley (Tír Eoghain), Anna Conlan (Liatroim), Shannon Quinn (Tír Eoghain), Luke Kelly (Uíbh Fhailí), Eoin Cadogan (Corcaigh), Ger Cafferkey (Maigh Eo), Kevin Conlan (Liatroim), Noel Connors (Port Láirge), Alan Dillon (Maigh Eo), Paul Flynn (Baile Átha Cliath), Stacey Cannon (Cill Dara), Patricia Jackman (Port Láirge), Darragh Egan (Tiobraid Árann), Chrissy McKaigue (Doire) Stephen McDonnell (Corcaigh), Liam Óg McGovern (Loch Garman), Gary Reynolds (Liatroim), Aoife Lane (Cumann Imreoirí Gael na mBan), Jason Doherty (Maigh Eo) Helen McMahon (An Clár), Diarmaid McMahon (An Clár), Jonny Cooper (Baile Átha Cliath), Cáit Devane (Tiobraid Árann), Matthew O'Hanlon (Loch Garman)