Taighdeoirí Ollscoil Mhá Nuad i mbun coimeádaíochta ar mhórthionscnamh nua ag ceiliúradh scríbhneoirí na Nua-Ghaeilge

Monday, February 1, 2016 - 16:00

Tá an Dr Liam Mac Amhlaigh agus Ronan Doherty ag obair i dteannta Fhoras na Gaeilge agus leis an gcomhlacht foilsitheoireachta COMHAR Teo., le mór-áis nua a choimeád, agus a chur ar fáil, i gcló agus go leictreonach, a dhéanfaidh scríbhneoireacht liteartha agus acadúil na Gaeilge, a scríbhneoirí, agus a taighde beathaisnéise, a chomóradh.
 
Is cnuasach eisceachtúil é Portráidí na Scríbhneoirí Gaeilge bunaithe ar phortráidí de 107 duine de na scríbhneoirí beo is aitheanta sa Ghaeilge, a tharraingíonn ar chartlann a chuir Máire Uí Mhaicín (léachtóir agus grianghrafadóir) le chéile sular cailleadh í cúpla bliain ó shin. Tá na híomhánna áille á réiteach in éineacht le heolas beathaisnéise agus samplaí scríbhneoireachta a thugann aird ar a saothar.     
 
Tá tuilleadh eolais sna preasráitis faoi iamh, agus beidh an t-ábhar fáil go poiblí níos déanaí sa bhliain ar www.portraidi.ie, chomh maith le seoladh comhthráthach den eagrán crua ardchaighdeán de Portráidí na Scríbhneoirí Gaeilge.