Maynooth University supports the aims and provisions of the Safety, Health and Welfare at Work Act 2005 and other relevant legislation. The University is committed to complying with all relevant legislation. It recognises that it has a responsibility and duty to provide, as far as is reasonably practicable, to its staff and students a safe and healthy work environment. It also recognises its responsibilities to guests, visitors, contractors and other persons who may be affected by the University's activities.

Tugann Ollscoil Mhá Nuad tacaíocht do na cuspóirí agus do na forálacha san Acht um Shábháilteacht, Sláinte agus Leas ag an Obair, 2005 agus in reachtaíocht ábhartha eile. Tá an Ollscoil tiomanta chun cloí leis an reachtaíocht ábhartha go léir. Aithníonn sí go bhfuil freagracht agus dualgas aici chun timpeallacht oibre shábháilte agus  shláintiúil a chur ar fáil do mhic léinn agus do bhaill foirne, chomh fada is atá sé praiticiúil agus réasúnta. Aithníonn sí chomh maith go bhfuil sí freagrach as aíonna, cuairteoirí, conraitheoirí agus daoine eile a mbeadh seans ann go bhféadfadh gníomhachtaí na hOllscoile dul i bhfeidhm orthu.