Oifig na Gaeilge, Ollscoil Mhá Nuad
ToggleNews
Dr Karen English awarded IRC Early-Career Researcher of the Year
Tá ríméad ar Ollscoil Mhá Nuad comhghairdeas a ghabháil leis an Dr Karen English as Gradam Thaighdeoir Go Luath sa Ghairm na Bliana a bhuachaint ón gComhairle um Thaighde in Éirinn.
Date: Thursday, 06 December 2018
Eagarthóir Nua ag Irisleabhar Mhá Nuad
Bord eatramhach eagarthóireachta a bhí ag plé le réiteach Irisleabhar Mhá Nuad ó cailleadh an Moinsíneoir Pádraig Ó Fiannachta i mí Iúil 2016, ach tá sé beartaithe anois go mbeidh cúram an eagarthóra ar an Dr Tracey Ní Mhaonaigh, léachtóir le Nua-Ghaeilge in Ollscoil Mhá Nuad, agus Déan Comhlach Dhámh na nEalaíon, an Léinn Cheiltigh agus na Fealsúnachta.
Date: Friday, 16 November 2018
Maynooth University develops first public online platform to track gender composition of staff and students in third level institutions
Tá Ollscoil Mhá Nuad ag obair ar an gcéad chlár eolais ar chomhionannas inscne ar fáil don phobal a fhorbairt chun go mbeadh an deis ag úsáideoirí comparáid a dhéanamh ar an gcomhdhéanamh de bhaill foirne agus de mhic léinn sna hinstitiúidí tríú leibhéal éagsúla.
Date: Wednesday, 14 November 2018
Scoláireacht Bronnta ar Ghaeilgeoir Mhá Nuad
Bronnadh Scoláireacht Chiste Theach an Ardmhéara ar Miriam Fitzsimons ag Searmanas Bronnta Duaiseanna Ollscoil na hÉireann 2018 i dTeach an Ardmhéara ar an 13 Samhain.
Date: Wednesday, 14 November 2018
Maynooth University report on Gaeltacht areas launched at Oireachtas Na Samhna Festival in Killarney
Seoladh tuarascáil nua leis an Ionad Breathnaithe um Thaighde Uile-Éireann (AIRO) de chuid Ollscoil Mhá Nuad inniu ag an Seanadóir Pádraig Ó Céidigh. Is iad príomhchuspóirí na tuarascála ná tacaíocht a thabhairt chun ceantair Ghaeltachta a fhorbairt agus saolta na ndaoine ina gcónaí sna ceantair seo a fheabhsú.
Date: Friday, 02 November 2018
Buaic-Ghradam Cumarsáide Bronnta ar Phádhraic Ó Ciardha
Bronnadh an Buaic-Ghradam Cumarsáide ar chéimí de chuid Ollscoil Mhá Nuad agus léachtóir reatha ar na meáin chumarsáide le Roinn na Nua-Ghaeilge Pádhraic Ó Ciardha ag Oireachtas na Samhna ar 31 Deireadh Fómhair mar thoradh ar a cheannródaíocht in earnáil na meán cumarsáide Gaeilge thar thréimhse fada blianta.
Date: Thursday, 01 November 2018
Research and Postgraduate education at the heart of Maynooth University Strategic Plan 2018 – 2022
Chuir an ollscoil a bhfuil an borradh is mó in Éirinn uirthi pleananna in iúl inniu chun taighde a fhorbairt a thabharfaidh aghaidh ar dhúshláin dhomhanda agus shóisialta agus chun 60% níos mó cláraithe iarchéime a dheimhniú sa chéad chúig bliana eile. Ag an seoladh dá Plean Straitéiseach 2018 – 2022, d’fhógair Ollscoil Mhá Nuad Comhcholáiste Idirnáisiúnta Innealtóireachta ag ceann de na hollscoileanna is rathúla sa tSín agus ciallaíonn sé sin go mbainfidh 1,200 mac léinn sa tSín céimeanna de chuid Ollscoil Mhá Nuad amach sa ríomheolaíocht agus san innealtóireacht leictreonach sa chéad cheithre bliana eile.
Date: Thursday, 18 October 2018
Maynooth Green Campus awarded prestigious Green Campus Flag by An Taisce
Tá an brat cáiliúil Gradam na gCampas Glas tar éis bheith bronnta ar Champas Glas Mhá Nuad ag An Taisce agus ag an bhFondúireacht Idirnáisiúnta um Oideachas Timpeallachta.
Date: Tuesday, 25 September 2018
Maynooth University confers more than 2,300 students, including first Bachelor of Arts degrees under its new curriculum
Thosaigh an ghrian ag taitneamh anuas orainn díreach in am do shearmanais bhronnta céimeanna Ollscoil Mhá Nuad, a bheidh ar siúl go deireadh na seachtaine seo. I measc na mac léinn le bród an domhain orthu inniu tá cúpla dhá bhliain is fiche d’aois darb ainm Rebecca agus Karl Finnerty as Leamhcán, Contae Bhaile Átha Cliath.
Date: Tuesday, 11 September 2018
Maynooth University psychologists work with HSE to study the impact of parents’ mental health on children and how best to support families
Dén chéad uair in Éirinn, tá foireann de shíceolaithe ag obair le seirbhísí meabhairshláinte timpeall na tíre chun taighde a dhéanamh ar sheirbhísí nua do theaghlaigh ina mbíonn ar thuismitheoir dul i ngleic le dushláin a bhaineann le meabhairshláinte agus chun na seirbhísí seo a chur i bhfeidhm.
Date: Wednesday, 05 September 2018