Scoláireacht Bronnta ar Ghaeilgeoir Mhá Nuad

An Dr Maurice Manning, Seansailéar Ollscoil na hÉireann, faighteoir na scoláireachta Miriam Fitzsimons, an tOllamh Fionntán de Brún, Ceann Roinn na Nua-Ghaeilge Ollscoil Mhá Nuad, agus an Dr Attracta Halpin, Cláraitheoir Ollscoil na hÉireann
Wednesday, November 14, 2018 - 11:45

Bronnadh Scoláireacht Chiste Theach an Ardmhéara ar Miriam Fitzsimons ag Searmanas Bronnta Duaiseanna Ollscoil na hÉireann 2018 i dTeach an Ardmhéara ar an 13 Samhain. Tugtar Scoláireacht agus Duais Chiste Theach an Ardmhéara sa Ghaeilge do mhic léinn a phléann leis an nGaeilge i gcomh-ollscoileanna OÉ bunaithe ar a gcuid torthaí scrúdaithe deireanacha. As Leitir Ceanainn i gContae Dhún na nGall ó dhúchas, chríochnaigh Miriam a bunchéim i Roinn na Nua-Ghaeilge i rith an tsamhraidh agus is i lár Máistreachta sa Nua-Ghaeilge leis an roinn chéanna atá sí anois. Ag labhairt ar lá an bhronnta, dúirt Miriam gur údar mór bróid di gur bronnadh an scoláireacht seo uirthi agus go bhfuil sí faoi chomaoin go mór ag muintir Roinn na Nua-Ghaeilge in Ollscoil Mhá Nuad. Bhí Ceann na Roinne, an tOllamh Fionntán de Brún, i láthair ag an searmanas i dTeach an Ardmhéara agus ghabh sé comhghairdeas ó chroí le Miriam.