Ceolchoirm na Nollag do Charthanas Campais

Róisín Gallagher, Fergal Quinn agus Dáinne Gallagher ó Scéim Chónaithe Ollscoil Mhá Nuad ag bailiú airgid do Pháirtnéireacht Froebel agus HOPE um Oiliúint Múinteoirí ag Ceolchoirm na Nollag 2018
Thursday, December 6, 2018 - 11:45

Bailíodh breis agus €400 ag Ceolchoirm na Nollag 2018 ar 5 Mí na Nollag do charthanas na bliana seo, Páirtnéireacht Froebel agus HOPE um Oiliúint Múinteoirí. Lonnaithe ar champas Ollscoil Mhá Nuad agus deich mbliana d’aois sa bhliain 2019, bíonn an Pháirtnéireacht ag obair gan stad gan staonadh chun oideachas ar ard-chaighdeán a sholáthar do pháistí faoi mhíbhuntáiste Kolkata na hIndia. Bhí an-áthas ar Oifig na Gaeilge, a chuireann an cheolchoirm ar siúl sa leabharlann chuile bhliain, tacaíocht a thabhairt do mhuintir na Roinne Froebel leis an togra fíor-fiúntach seo. Mar is gnách, ghlac idir mhic léinn agus baill foirne páirt sa cheolchoirm agus cuireadh meascán bríomhar de cheol traidisiúnta, d’amhránaíocht ar an sean-nós agus de charúil Nollag ós comhair an tslua. I measc na mbuaicphointí, chas an t-amhránaí ar an sean-nós aitheanta Sailí Ní Dhroighneáin ó Lárionad na Gaeilge “Siar is Aniar” agus “Le Coinnle na n-Aingeal” ar théama na Nollag, sheinn ceoltóirí ó Tradsoc na hollscoile roinnt seiteanna go fíor-mhaith agus thug Cór Cholmcille, bunaithe díreach don ócáid seo ag an stiúrthóir cóir Dúlra Ní Áinle, Ceolchoirm na Nollag 2018 chun críche le carúil a chuirfeadh deora i do shúile ar nós “Oíche Chiúin” agus a chuirfeadh aoibh ar d’aghaidh ar nós “Bualadh Bos”.