Eagarthóir Nua ag Irisleabhar Mhá Nuad

An Dochtúir Tracey Ní Mhaonaigh, eagarthóir nua Irisleabhar Mhá Nuad
Friday, November 16, 2018 - 11:30

Bord eatramhach eagarthóireachta a bhí ag plé le réiteach Irisleabhar Mhá Nuad ó cailleadh an Moinsíneoir Pádraig Ó Fiannachta i mí Iúil 2016, ach tá sé beartaithe anois go mbeidh cúram an eagarthóra ar an Dr Tracey Ní Mhaonaigh, léachtóir le Nua-Ghaeilge in Ollscoil Mhá Nuad, agus Déan Comhlach Dhámh na nEalaíon, an Léinn Cheiltigh agus na Fealsúnachta. Sheol Pádhraic Ó Ciardha Irisleabhar Mhá Nuad 2018, a céad eagrán mar eagarthóir, in Institiúid Ealaíon agus Daonnachtaí Ollscoil Mhá Nuad, i bhfoirgneamh IONTAS ar an 15 Samhain. Tá sé beartaithe ag Tracey foilsiú an Irisleabhair a cheangal le staidéar iarchéime ar an Nua-Ghaeilge san ollscoil, agus tá coiste fo-eagarthóireachta bunaithe i measc na mac léinn aici. Ina theannta sin, tá painéal piarmheasúnóirí curtha le chéile chun stádas acadúil na hirise a neartú. Tá sí den tuairim gur cheart go mbeadh Irisleabhar Mhá Nuad i gcónaí ag éabhlóidiú i dtiúin le tosca na linne agus ag féachaint le ceannródaíocht a thabhairt i réimsí a raibh faillí á ndéanamh orthu.Tá idir nua agus sean san eagrán seo, agus ábhar ó mhic léinn reatha na hOllscoile mar aon le hábhar ó mhic léinn a bhí i Maigh Nuad blianta fada ó shin. Ní amháin sin ach is eagrán ceiliúrtha é seo ar Chuallacht Cholmcille a bhunaigh an tIrisleabhar agus a bhí 120 bliain ar an bhfód i mí Dheireadh Fómhair 2018.