Celebrating Modern Irish language writers

Wednesday, June 22, 2016 - 10:00

Dr Liam Mac Amhlaigh and Ronan Doherty have collaborated with the Irish language body Foras na Gaeilge, and the publishing house COMHAR Teo., to produce and curate a major new electronic and print resource celebrating Irish language literary and academic writing, its writers and its biographical research.
 
Portráidí na Scríbhneoirí Gaeilge (Portraits of Irish language writers) is a unique compilation of the photographic portraits of 107 of Ireland’s foremost living Irish language writers, drawing on an archive originally prepared by the late Máire Uí Mhaicín, photographer and academic. These beautiful images are being prepared with accompanying biographical information, literary examples highlighting their work, and in some cases with sound files of the writers reading excerpts from their work.  
 
Stage 1, the collection in high-quality hardbound book form Portráidí na Scríbhneoirí Gaeilge, and electronic form at www.portraidi.ie, will be launched by Professor Declan Kiberd at 6pm on Wednesday 22nd June in the Pillar Room in the Rotunda Hospital. Stage 2 will see a multi-annual commitment to add further writers to the existing archive, and the first new list will be announced later in the year. 
 
Taighdeoirí Ollscoil Mhá Nuad i mbun seolta ar mhórthionscnamh nua ag ceiliúradh scríbhneoirí na Nua-Ghaeilge
  
Tá an Dr Liam Mac Amhlaigh agus Ronan Doherty tar éis saothrú i dteannta Fhoras na Gaeilge agus leis an gcomhlacht foilsitheoireachta COMHAR Teo., le mór-áis nua a choimeád, agus a chur ar fáil, i gcló agus go leictreonach, a dhéanann scríbhneoireacht liteartha agus acadúil na Gaeilge, a scríbhneoirí, agus a taighde beathaisnéise, a chomóradh.
 
Is cnuasach eisceachtúil é Portráidí na Scríbhneoirí Gaeilge bunaithe ar phortráidí de 107 duine de na scríbhneoirí beo is aitheanta sa Ghaeilge, a tharraingíonn ar chartlann a chuir Máire Uí Mhaicín (léachtóir agus grianghrafadóir) le chéile sular cailleadh í cúpla bliain ó shin. Tá na híomhánna áille réitithe in éineacht le heolas beathaisnéise agus samplaí scríbhneoireachta a thugann aird ar a saothar chomh maith le comhaid fuaime, i gcásanna áirithe, de na scríbhneoirí i mbun léitheoireachta ar shleachta dá saothar.      
 
Seolfar Céim 1, an t-eagrán crua ardchaighdeán Portráidí na Scríbhneoirí Gaeilge agus an leagan leictreonach www.portraidi.ie,  ag an Ollamh Declan Kiberd ar a 6pm Dé Céadaoin 22 Meitheamh i Seomra na gColún san Ospideál Rotunda. Cuirfear tús le céim 2, tiomantas il-bhliantúil le tuilleadh scríbhneoirí a chur leis an gcartlann, níos déanaí an bhliain seo.