Teideal

Acmhainní Foghlama don Teastas i Múineadh na Gaeilge

An mbeadh spéis agat an Ghaeilge a mhúineadh do dhaoine fásta? Nó an bhfuil tú ag múineadh na Gaeilge cheana féin?  An bhfuil beagán comhairle nó moltaí ag teastáil uait maidir le gnéithe éagsúla den teagasc? Ar an leathanach seo gheobhaidh tú roinnt acmhainní ón Teastas i Múineadh na Gaeilge do Dhaoine Fásta a d'fhéadfadh cabhrú leat agus a thabharfaidh blaiseadh duit d’ábhar an chúrsa. Féach ar na físeáin agus déan do mhachnamh ar na ceisteanna a ardaítear iontu. Nó bain triail as na samplaí de ghníomhaíochtaí thíos sa seomra ranga. Má tá spéis agat tuilleadh a fhoghlaim, cláraigh linn, chun an Teastas a bhaint amach, taithí oibre a dhéanamh sa seomra ranga agus comhairle a fháil ó mheantóir.