Trialacha réasúnaíochta agus próiseas earcaíochta EPSO
Tá eolas ginearálta ar fáil anseo thíos faoi na trialacha réasúnaíochta a bhíonn le déanamh ag iarrthóirí chun poist bhuana a bhaint amach mar aistritheoirí in institiúidí an Aontais Eorpaigh. Tá eolas ar fáil thíos freisin faoi chéimeanna eile phróiseas earcaíochta na hOifige Eorpaí um Roghnú Foirne, nó European Personnel Selection Office (EPSO).
Tábhachtach: D’fhéadfadh athrú teacht ar na trialacha agus ar an bpróiseas earcaíochta ó chomórtas go chéile, mar sin ní mór fógra an chomórtais a léamh go cúramach.
Teangacha
Agus iarratas á chur isteach, moltar dóibh siúd a bhfuil Gaeilge agus Béarla líofa acu an Ghaeilge a roghnú mar T1, an Béarla a roghnú mar T2 agus an Fhraincis nó an Ghearmáinis nó pé tríú teanga Eorpach atá acu a roghnú mar T3. D’fhágfadh sé sin gur i mBéarla (seachas sa tríú teanga) a dhéanfaí an t-agallamh, an cur i láthair agus an ghníomhaíocht ghrúpa.
Trialacha réasúnaíochta
Eolas ginearálta faoi na trialacha éagsúla réasúnaíochta a bhíonn le déanamh ag aistritheoirí, dlí-theangeolaithe, cúntóirí, srl.)
http://europa.eu/epso/apply/sample_test/index_en.htm
Tuilleadh eolais faoi na trialacha éagsúla réasúnaíochta:
https://www.prometric.com/en-us/clients/epso/pages/EPSO-AD-Cycle-Self-Assessment.aspx
Trialacha réasúnaíochta i dteangacha éagsúla an Aontais Eorpaigh
Trialacha réasúnaíochta (réasúnaíocht bhriathartha, réasúnaíocht uimhriúil agus réasúnaíocht theibí) as Gaeilge:
https://prime.prometric.com/users/candidate/taketest/beginTest.asp?slug=4673120379
Trialacha réasúnaíochta (réasúnaíocht bhriathartha, réasúnaíocht uimhriúil agus réasúnaíocht theibí) i mBéarla:
https://prime.prometric.com/users/candidate/taketest/beginTest.asp?slug=3479577898
Trialacha réasúnaíochta (réasúnaíocht bhriathartha, réasúnaíocht uimhriúil agus réasúnaíocht theibí) i bhFraincis:
https://prime.prometric.com/users/candidate/taketest/beginTest.asp?slug=321313738
Trialacha réasúnaíochta (réasúnaíocht bhriathartha, réasúnaíocht uimhriúil agus réasúnaíocht theibí) i nGearmáinis:
https://prime.prometric.com/users/candidate/taketest/beginTest.asp?slug=3464624285
Trialacha réasúnaíochta (réasúnaíocht bhriathartha, réasúnaíocht uimhriúil agus réasúnaíocht theibí) i dteangacha eile an AE ar fáil ach cliceáil ar:
https://www.prometric.com/en-us/clients/epso/pages/EPSO-AD-Cycle-Self-Assessment-language-options.aspx
Trialacha eile
Sampla den triail ar a dtugtar 'situational judgment':
http://europa.eu/epso/apply/sample_test/pdf/sit_judg_en.pdf
Sampla den triail ar a dtugtar 'e-tray':
http://europa.eu/epso/apply/sample_test/pdf/etrayad_en.pdf
Sampla den ghníomhaíocht ghrúpa:
http://europa.eu/epso/doc/group_exercise_en.pdf
Sampla den chur i láthair aonair:
http://europa.eu/epso/doc/mock_oral_en.pdf
Sampla den chás-staidéar:
http://europa.eu/epso/doc/mock_casestudy_en.pdf
Acmhainní eile
Moltar an téacsleabhar The Ultimate EU Test Book le hAndrás Baneth.