Searmanas bronnta TEG i bPáras

I measc an tslua tá Stiúrthóir an CCI, Nora Hickey M'Sichili; teagascóir na Gaeilge in CCI, William Howard; foghlaimeoirí TEG ar bronnadh teastais orthu, agus ionadaithe ó Lárionad na Gaeilge Ollscoil Mhá Nuad agus ó Chraobh Pháras de Chumann Alumni Mhá Nuad, Róisín Dockery & Seán Ryan
Thursday, November 30, 2023 - 14:45

Bhí oíche mhór cheiliúrtha ag na Gaeil i bPáras ar an 24 Samhain nuair a tháinig thart ar 70 duine le chéile sa Centre Culturel Irlandais (CCI), Coláiste na nGael mar a bhí, do shearmanas inar bronnadh teastais TEG (Teastas Eorpach na Gaeilge) ar na daoine a rinne na scrúduithe Gaeilge sin sa CCI in 2023.
 
I measc na n-aíonna a bhí i láthair ar an oíche bhí Ambasadóir na hÉireann chun na Fraince, an tUasal Niall Burgess,  Nora Hickey M'Sichili, Stiúrthóir an CCI, agus Aoife Ní Ghloinn, Stiúrthóir Lárionad na Gaeilge, Ollscoil Mhá Nuad, chomh maith le hionadaithe ó Chraobh Pháras de Chumann Alumni Ollscoil Mhá Nuad agus An Ghaeltacht sur Seine. Ina dteannta sin, bhí an fidléir, amhránaí  agus láithreoir aitheanta, Doireann Ní Ghlacáin, a chuir scoth an cheoil agus na hamhránaíochta i láthair an tslua.
 
Labhair an tAmbasadóir ag an ócáid faoin gcaillteanas teanga agus faoi thábhacht na gcúrsaí Gaeilge i gColáiste na nGael do dhaoine atá ina gcónaí i bPáras ar mhian leo an Ghaeilge a athshealbhú.
 
Tá an scéal faoin gcaidreamh idir CCI agus Ollscoil Mhá Nuad ar cheann de na scéalta rathúla is mó atá ag Lárionad na Gaeilge.  Tá dlúthcheangal stairiúil ag Ollscoil Mhá Nuad le Coláiste na nGael i bPáras, ós rud é go raibh baint ag bunú Choláiste Mhaigh Nuad in 1795 le dúnadh an Choláiste i bPáras, de bharr Réabhlóid na Fraince. Nuair a bunaíodh an Centre Culturel Irlandais i gColáiste na nGael in 2001, d’aithin lucht na Gaeilge i Maigh Nuad deis an nasc idir an t-ionad nua agus an Ollscoil a chothú, lena chinntiú go mbeadh an Ghaeilge lárnach in imeachtaí an ionaid.   Cuireadh tús leis na cúrsaí Gaeilge sa CCI i mí Mheán Fómhair 2005 agus tá siad ag dul ó neart go neart ó shin, a bhuí leis an maoiniú a chuireann an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spórt agus Meán ar fáil don Lárionad chun na cúrsaí agus scrúduithe a reáchtáil. 
 
Gach bliain, freastalaíonn thart ar 60 mac léinn ar chúrsaí Gaeilge ó bhonnleibhéal go meánleibhéal sa CCI agus bíonn éileamh ollmhór ar na cúrsaí ó bhliain go bliain.  Is de bhunadh na hÉireann cuid mhaith de na daoine atá cláraithe agus tugann na cúrsaí seo deis dóibh an ceangal lena gcultúr dúchais a chaomhnú agus iad ina gcónaí thar lear.  Tá go leor daoine eile áfach as gach cearn den domhan ag freastal go dícheallach ar na cúrsaí seo chomh maith. Le roinnt blianta anuas, d’fhreastail saoránaigh ó na tíortha seo a leanas ar chúrsaí agus bhain cáilíochtaí sa Ghaeilge amach: An Fhrainc, An Pholainn, Sasana, an Iodáil, an tSualainn, an Ghréig, an Albáin, Meiriceá agus an Bhulgáir. Spléachadh suimiúil ar thionchar pholasaí teanga an Stáit, tá roinnt foghlaimeoirí nach Éireannaigh iad ag freastal ar na ranganna le bheith in ann cáilíocht sa Ghaeilge a thairiscint mar 4ú nó 5ú teanga do chomórtais earcaíochta an Aontais Eorpaigh.