Gearrchúrsa Cruinnis sa Ghaeilge Scríofa

Thursday, November 19, 2015 - 13:00

Tá an gearrchúrsa seo feiliúnach don té a bhfuil caighdeán maith Gaeilge aige nó aici cheana féin ach a bhíonn ag streachailt le pointí áirithe teanga. Díreofar ar ghnéithe teicniúla den phróiseas scríbhneoireachta, ina measc, ceartúsáid teanga, cúrsaí gramadaí, coinbhinsiúin phoncaíochta, fadhbanna coitianta agus seifteanna stíle. Forbrófar cruinneas agus líofacht scríofa le go mbeidh rannpháirtithe in ann pointí casta a chur in iúl go héifeachtach agus go gonta.

Tréimhse: 20 uair an chloig thar dhá dheireadh seachtaine in Ionad Teangacha Ollscoil Mhá Nuad

Dátaí: 15, 16, 22 & 23 Eanáir 2016

Costas: €230 (lón san áireamh)

Fiosruithe chuig teanga@mu.ie leis an gcód “GA_CRUINNEAS” sa bhosca ábhair.

Foirm iarratais le híoslódáil anseo:
https://www.maynoothuniversity.ie/sites/default/files/assets/document/FOIRM-IARRATAIS-Gearrchursa-Cruinnis_0.docx