Tabharfar an tríú seimineár i sraith seimineár taighde an Earraigh Dé hAoine 27 Aibreán 2018 3:00 i.n. JHL4. Is iad an Dr Aisling Ní Dhonnchadha, Ollscoil Mhá Nuad, agus an tOllamh Máirín Nic Eoin, DCU, a bheas i mbun cainte agus is é a bheas faoi chaibidil acu, Cén léargas a thugann nualitríocht na Gaeilge dúinn ar eispéireas na hóige in Éirinn? Beifear ag tarraingt go háirithe ar fhianaise an leabhair, Aois na hÓige – Díolaim Próis, Aisling Ní Dhonnchadha agus Máirín Nic Eoin eag., (Cló Iar-Chonnacht, 2017) agus beidh cóipeanna den leabhar ar díol ag an seimineár. Beidh sólaistí ar fáil i ndiaidh an tseimineáir sa seomra caidrimh (foirgneamh na nEalaíon).
Tuilleadh eolais : Fon +353 01 708 3666
SG: www.maynoothuniversity.ie/nua-Ghaeilge-modern-irish/news
http://www.irishtimes.com/culture/treibh/gaeltogs-an-ghaeltacht-agus-an-óige-1.3452745