Welcome. Your student experience is about taking on new challenges and meeting new people, exploring opportunities for yourself and discovering who you are. There are many resources and people in Student Services who can help you on your journey - please take advantage of all  we have to offer.

Fáilte. Is éard atá i gceist le bheith i do mhac léinn glacadh le dúshláin nua agus cairde nua a dhéanamh, deiseanna éagsúla a chíoradh agus eolas a chur ar an sórt duine thú.  Is iomaí acmhainn agus seirbhís a chuirtear ar fáil mar chuid de Sheirbhísí do Mhic Léinn chun cabhrú leat ar an aistear sin – molaimid duit leas a bhaint astu.


Mission Statement:  

"Student Services is an integral part of the University community, enabling the promotion and development of its educational mission. Using a holistic approach, we offer a range of clearly defined services to support and empower students to achieve their personal and academic potentials and so enhance their life's journey. We strive to create a community which is open and caring and where diversity is expected and respected."

The opportunity to expand horizons in cultural, sporting, volunteering and social pursuits, is a valuable part of student life in Maynooth University. Our team encourages students to participate in some of the many sporting and society activities available in this vibrant and inviting campus.

Ráiteas Misin:

Tá Seirbhísí na Mac Léinn i gcroílár phobal na hOllscoile , ag tacú i gcónaí le cur chun cinn agus forbairt mhisean oideachasúil na hOllscoile. Trí chur chuige iomlánaíoch, cuirimid réimse leathan de sheirbhísí sainmhínithe ar fáil chun tacú le mic léinn agus chun iad a chumhachtú ionas gur go mbeidís in ann a bhféidearthachtaí pearsanta agus acaúla a bhaint amach, agus, sa chaoi seo, a n-aistear saoil a shaibhriú. Déanaimid ár ndícheall chun pobal oscailte, cineálta a chruthú, áit ina nglactar le héagsúlacht agus a bhfuil meas uirthi.

Is cuid an-luachmhar de shaol na mac léinn in Ollscoil Mhá Nuad í an deis chun taithí saoil níos leithne a fháil ina gcuid gníomhaíochtaí cultúrtha, spóirt, rannpháirtíochta agus sóisialta. Spreagann ár bhfoireann mic léinn chun páirt a ghlacadh i gcuid de na gníomhaíochtaí spóirt agus cumainn atá ar fáil ar an gcampas bríomhar, fáiltiúil seo.