deirdre ni chartaigh - MacMorris Project
Bean i gclub na mbuachaillí: Caitilín Dubh agus filíocht na mban

Cé nár fhág an file ón 17ú haois Caitilín Dubh ach cúig dhán ina diaidh, léiríonn na dánta seo go bhfuil traidisiún fada agus domhain ag filíocht na mban sa Ghaeilge, le Dr Deirdre Nic Chárthaigh, Roinn an Bhéarla
 
Sa bhliain 1624, tamaillín beag tar éis bhriseadh na nGael ag Cath Chionn tSáile agus imeacht oidhiúil na nIarlaí, chum file darbh ainm Caitilín Dubh dán ar bhás Dhonnchaidh Uí Bhriain, ceathrú hIarla Tuamhumhan. Bhí cáil na galltachta ar Ó Briain. Tógadh ag cúirt na banríona Eilíse é, ghlac sé go fonnmhar le dlíthe, le nósanna agus le teanga Shasana, agus chuir sé a mhic ar oiliúint i gColáiste Eton agus in Áth na nDamh (Oxford). Is le rialtas Shasana, seachas leis na tiarnaí Gaelacha Aodh Ó Néill agus Aodh Ó Domhnaill, a throid sé le linn Chogadh na Naoi mBliana. Ach in ainneoin an bá a bhí aige le lucht an Bhéarla, rinne Ó Briain pátrúnacht leanúnach ar fhilí Gaelacha, agus maireann dornán dánta moltach air.

Is éard atá eisceachtúil ar fad faoi dhán Chaitilín, áfach, ná gur bhean a scríobh.  

Anuas go dtí an seachtú haois déag, bhain gairm na filíochta in Éirinn agus in Alban le fir. Fir amháin a d'fhreastail ar na bardscoileanna, a d’fhoghlaim ceird an dáin dhírigh, a bhain stádas an 'Ollaimh’ amach agus a bhí ina gcomhairleoirí, ina mbolscairí agus ina gcairde rúin ag na tiarnaí Gaelacha agus Angla-Normannacha sin a raibh an chumhacht pholaitiúil ina seilbh.

Ach tá corrthagairt thall is abhus a thugann le tuiscint go raibh mná na hÉireann i mbun pinn i gcónaí, más lasmuigh den chóras oifigiúil a bhí iad ag saothrú. Luaitear ‘Mary ny Donoghy, a she-barde’ agus ‘Mary ny Clainkye, another’ i liosta filí ó Chontae Chorcaí a breacadh sa bhliain 1585. Tugann tagairtí fánacha eile le tuiscint nach mór an meas a bhíodh ar a leithéid. I ndán a chum file Albanach darbh ainm Feidhlim Mac Dubhghaill sa séú haois déag, déanann sé comparáid idir ‘cliar ara mbí bean’ (buíon filí ina mbíonn bean) agus ‘dobhrón i dtigh n-óil’.

Is ar ámharaí an tsaoil atá filíocht Chaitilín Dhubh tagtha anuas chugainn ar chor ar bith. Mar aon leis an dán a chum sí ar Dhonnchadh Ó Briain, chum Caitilín dánta ag caoineadh dheirfiúr an Iarla, Máire, agus a fir chéile siúd, Toirdhealbhach Mac Mathghamhna. Chum sí dán eile ar bhás Dhiarmaid Uí Bhriain, cúigiú Barún Inse Uí Chuinn. (B’athair é siúd le Murchadh míchlúiteach ‘na dTóiteán’, céad Iarla Inse Uí Chuinn).

Ní mhaireann ach cóip amháin de na dánta seo, agus is i lámhscríbhinn i leabharlann an Ruiséalaigh in Ollscoil Má Nuad atá siad ar caomhnú. Mura mbeadh an lámhscríbhinn seo tagtha anuas chugainn – dá mbeadh sí i measc an líon mór lámhscríbhinní a cailleadh, a ndearnadh léirscrios orthu, nó a caitheadh le himeacht aimsire – bheadh fianaise na ndánta seo, agus rian Chaitilín Dhubh ar an traidisiún liteartha, ar iarraidh go deo.

Is beag eolas beathaisnéise atá againn ar Chaitilín féin. (Níl a fhios againn, fiú, cén sloinne a bhí uirthi). Níl againn ach fianaise na ndánta féin, a thugann le fios go raibh sí suas sna 1620idí, agus go raibh baint aici le huaisle Chontae an Chláir. Maidir lena stádas féin mar bhean agus mar fhile, maidir leis an gcineál oideachais a bhí uirthi, agus maidir leis an gcaidreamh a bhí aici leo siúd a rinne pátrúnacht ar a cuid filíochta, ní féidir linn ach tuairimíocht a dhéanamh.

Is san fhilíocht aiceanta – an cineál filíochta scaoilte i nGaeilge chanúnach a tháinig chun cinn sa seachtú agus san ochtú haois déag – seachas i meadaracht shiollach na mbardscoileanna, a chum Caitilín Dubh. Mar sin féin, is léir go raibh cur amach aici ar an bhfilíocht oifigiúil, agus a cuid dánta lán le híomhánna agus móitífeanna a bhí seanbhunaithe i litríocht na Gaeilge. Ach tá guth baineann le sonrú orthu chomh maith, agus bandéithe na hÉireann ina gcompánaigh chaointe ag Caitilín go minic ina cuid filíochta. Ina dán ar Mháire, deirfiúr ar Iarla, mar shampla, déanann sí comparáid idir í féin agus Aoibheall, bandia na Mumhan a samhlaíodh le muintir Uí Bhriain (agus a nocht í féin chuig Brian Boróimhe roimh Chath Chluain Tarbh).

Is spéisiúil gur caointe amháin a chum Caitilín, agus is le mná na hÉireann go sonrach a shamhlófaí an seánra seo de réir a chéile (cé go maireann caointe ó phinn na bhfear chomh maith céanna). Is i dtreo dheireadh an ochtú haois déag a cumadh an sampla is mó cáil nuair a chaoin Eibhlín Dubh Ní Chonaill a fear céile, Art Ó Laoghaire. Agus, go deimhin, tá tionchar an traidisiúin sin fós ag dul i bhfeidhm ar bhanfhilí na Gaeilge; rinneadh athinsint shamhailteach ar Chaoineadh Airt Uí Laoghaire le deireanaí in The Ghost in the Throat le Doireann Ní Ghríofa (2020)

Más beag cáil atá bainte amach ag Caitilín Dubh, léiríonn na cúig dhán a d’fhág sí ina diaidh gur fada fairsing traidisiún fhilíocht na mban sa Ghaeilge. Fianaise iad ar thraidisiún a bhí ceilte chomh maith, áfach, agus nach furasta a fhréamhacha a rianú.

Beidh teacht ar Chaitilín Dubh i mbunachar díobh siúd ar fad a bhí ag saothrú na litríochta (i dteanga ar bith) in Éirinn idir na blianta 1541 agus 1691, atá á chur le chéile ag MACMORRIS, tionscnamh atá faoi stiúir an Ollaimh Patricia Palmer agus atá maoinithe ag an gComhairle um Thaighde in Éirinn
 


Sliocht as ceann de dhánta Caitilín Dubh. Íomhá le caoinchead ó leabharlann an Ruiséalaigh in Ollscoil Má Nuad agus Script na hÉireann ar an Scáileán