Seoladh COMHARTaighde

An chéad ríomhiris phiarmheasta do Léann na Gaeilge
Thursday, December 3, 2015 - 12:45

Seoladh an chéad eagrán den iris nua phiarmheasta acadúil do léann na Gaeilge, COMHARTaighde (www.comhartaighde.com), Dé Máirt 24 Samhain. Chuir an Dr Regina Uí Chollatáin, Ceann Scoil na Gaeilge, an Léinn Cheiltigh, agus an Bhéaloidis sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, an iris i láthair an phobail in Acadamh Ríoga na hÉireann i mBaile Átha Cliath. Is iad an tOllamh Máirín Nic Eoin (Coláiste Phádraig/Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath), An Dr Liam Mac Amhlaigh (Ollscoil Mhá Nuad) agus An Dr Máirtín Coilféir (An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath) eagarthóirí na ríomhirise, agus Ronan Doherty (Ollscoil Mhá Nuad) ina chomhairleoir teicniúil.

Tréimhseachán bliantúil is ea COMHARTaighde a chuirfidh saothar scolártha ardchaighdeáin ar fáil do phobal na Gaeilge ar fud an domhain i réimsí éagsúla de léann na Nua-Ghaeilge. D’fhonn freastal ar an bpobal is leithne, tá an iris á foilsiú ar bhonn saor-rochtana trí mheán an idirlín. Fóram nua piarmheasta atá á sholáthar aici do thaighdeoirí  agus tá an togra ag eascairt as traidisiún fada na hirise míosúla Comhar mar láthair smaointeoireachta agus as bunfhealsúnacht na hirise agus na heagraíochta maidir le scaipeadh thorthaí an léinn ar an bpobal is leithne. D’fhonn na caighdeáin idirnáisiúnta is airde a bhaint amach, tá an tionscadal á chur i gcrích i gcomhpháirt le foireann scoláirí as institiúidí éagsúla léinn in Éirinn agus thar lear. Sa chéad eagrán, tá saothar cúig alt agus réimse léirmheasanna ar leabhair nua-fhoilsithe acadúla.
 
I measc na scríbhneoirí san eagrán seo, tugann Deirdre Ní Chonghaile, Aingeal Ní Chualáin, Proinsias Ó Drisceoil, Tadhg Ó Dúshláine agus John Walsh & Bernadette O’Rourke aghaidh ar léann an cheoil, an litríocht chomhaimseartha, taighde reatha ar an tsochtheangeolaíocht, léargas ar stair na foilsitheoireachta Gaeilge sa naoú haois déag agus san fhichiú haois. Cuirtear ábhar il-mheán le saothar sa chur chuige seo, rud a chuireann, agus a chuirfidh, ar chumas an scríbhneora saineolas a n-alt a léiriú i gceart os comhair an phobail léitheoireachta.   
 
Is féidir gach alt a fhoilsítear sa ríomhiris (i) a léamh ar líne, mar leathanach gréasáin; nó (ii) a íoslódáil i bhformáid PDF. Is féidir ailt ar an suíomh gréasáin a léamh ar chineálacha éagsúla gléasanna, idir ríomhairí deisce agus ghléasanna móibíleacha, agus is féidir leas a bhaint as saoráidí éagsúla cuardaigh agus brabhsála. Tá beartais éagsúla i bhfeidhm le go ndéanfar ailt COMHARTaighde a innéacsú i mbunachair chuí acadúla ar líne freisin.
 
Is deas rannpháirtíocht Ollscoil Mhá Nuad a aithint sa togra nuálaíoch seo, idir chúram na heagarthóireachta, agus na comhairleoireachta teicniúla agus chúram na scríbhneoireachta leis an alt ón Dr Ó Dúshlaíne, chomh maith leis an Ollamh Ruairi Ó hUiginn a bheith ar an mbord comhairleachta eagarthóireachta idirnáisiúnta de chuid na ríomhirise.