An tOllamh Tríona Ní Shíocháin

Biography
Ceoltóir, amhránaí agus scoláire idirdhisciplíneach is ea an tOllamh Tríona Ní Shíocháin go bhfuil suim ar leithligh aici i dtaibhealaíona agus i dtraidisiúin bhéil na Gaelainne, sa cheol traidisiúnta, sa chleachtas cruthaitheach, i mbanfhilí na Gaelainne, agus i stair na smaointeoireachta mar a léirítear dúinn í in amhránaíocht agus i bhfilíocht na Gaelainne. Ceapadh í ina hOllamh le Nua-Ghaeilge agus le Taibhealaíona in Ollscoil Mhá Nuad in 2021. Roimis sin do bhí sí ina Ceann Roinne agus ina Léachtóir le Ceol Gaelach i Roinn an Cheoil i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh, agus roimis sin arís do bhí sí ina Léachtóir le Gaeilge in Ollscoil Luimnigh, áit inar chaith sí roinnt blianta mar Cheann Léann na Gaeilge. Do bhain sí amach céim PhD in 2008 (UCC dá saothar ar amhráin Mháire Bhuí Ní Laeire, banfhile mór na Mumhan. Do foilsíodh Bláth ’s Craobh na nÚdar: Amhráin Mháire Bhuí léi (maraon le dlúthdhiosca d’amhráin Mháire Bhuí) in 2012, foilsíodh leabhar eile léi in 2018 ar an amhránaíocht agus an smaointeoireacht pholaitiúil dar teideal Singing Ideas: Performance, Politics, and Oral Poetry (Berghahn, 2018), agus in 2019 do foilsíodh cnuasach aistí dar teideal Ní Insint Dán ach Bheith: Aistí ar Smaointeoireacht an Ríordánaigh (An Sagart, Foilsitheoirí) a chuir sí in eagar i gcomhpháirt leis an Dr. Ríona Ní Churtáin, UCC. Tá saineolas ar leithligh ag Tríona i Léann an Taibhléirithe, agus tá suim mhór aici i gcleachtais chruthaitheacha na béalaireachta agus i bhforbairt an taighde ealaíonta sa Ghaelainn; is suim léi gach gné de shaíocht agus de litríocht na Gaelainne, go háirithe cúrsaí polaitíochta agus fáistine i bhfilíocht na naoú haoise déag, an chumadóireacht bhéil agus an seachadadh béil, traidisiún na mban, traidisiún na hamhránaíochta, agus cúrsaí suibiachtúlachta i Nua-fhilíocht na Gaelainne.
Tríona Ní Shíocháin is an interdisciplinary scholar of Music and Irish, and a whistle-player and singer. She is particularly interested in Irish-language performing arts and oral traditions, Irish traditional music, creative practice, women poet-composers, and histories of thought as represented in Irish-language song and poetry. She was appointed Professor of Modern Irish and Performing Arts at Maynooth University in 2021, prior to which she was Head of the Department of Music and Lecturer in Irish Traditional Music at University College Cork. She also was formerly a lecturer in Irish language and literature at the University of Limerick, where she spent a number of years as Head of Irish language and Literature. She is author of Bláth 's Craobh na nÚdar: Amhráin Mháire Bhuí (2012) and Singing Ideas: Performance, Politics and Oral Poetry (2018). In 2019, with Dr. Ríona Ní Churtáin, she published a collection of essays on the work and thought of Seán Ó Ríordáin entitled Ní Insint Dán Ach Bheith: Aistí ar Smaointeoireacht an Ríordánaigh (An Sagart, Foilsitheoirí). Tríona specialises in performance studies and oral tradition, and is particularly interested in the development of artistic research through the medium of Irish; she is interested in all aspects of Irish-language literature, poetry and culture, but most particularly eighteenth/nineteenth-century poetry, song and prophecy, the history of ideas, oral composition, transmission and performance, the sean-nós singing tradition, women's traditions, and representations of subjectivities in modern Irish literature.
Research Interests
Oral poetry, the song tradition, Irish traditional music, Irish-language and Gaeltacht performing arts, artistic research, performance theory, oral theory, Irish-language women poets, social theory, ethnomusicology, politics and prophecy, modern subjectivities, histories of thought.
Book
Book Chapter
Year | Publication | |
---|---|---|
2022 | Ní Shíocháin, T. (2022) 'Eispéireas, Brí, agus Machnamh: an Smaointeoireacht agus an Amhránaíocht' In: Dhá Leagan Déag: Léargais Nua ar an Sean-nós. Indreabhán : Cló Iar-Chonnacht. | |
2022 | Ní Shíocháin, T. (2022) ''Parrhesia na mBan: Máire Ní Dhroma, Máire Bhuí Ní Laeire, agus Smaointeoireacht na hAmhránaíochta' ['Parrhesia of Women': Máire Ní Dhroma, Máire Bhuí Ní Laeire and the Thought of Song']' In: Léann na Sionainne. Dublin : Cló Léann na Gaeilge. | |
2022 | Ní Shíocháin, T. (2022) ''An Smaointeoireacht Fhrithchoilíneach i Saothar Ceoil an Riadaigh'' In: Oidhreacht Sheáin Uí Riada. Baile Átha Cliath : An tOireachtas. | |
2021 | Ní Shíocháin, T. (2021) ''The Oral Tradition'' In: A History of Irish Women's Poetry eds. Ailbhe Darcy and David Wheatley. Cambridge : Cambridge University Press. | |
2021 | Ní Shíocháin, T. (2021) ''Fearles Song: Máire Bhuí Ní Laeire (1774-c.1848)' In: The Oxford Handbook of Irish Song, 1100-1850 (online pre-print). Oxford : Oxford University Press. [Link] | |
2020 | Ní Shíocháin, T. (2020) ''The Politics of Sound: Modernity and Post-colonial Identity in Irish-language Popular Song'' In: Made in Ireland: Studies in Popular Music. London : Routledge. | |
2019 | Ní Shíocháin, T. (2019) '‘Ní Insint Dán ach Bheith: Fís na Filíochta agus Smaointe Eispéireasacha na Nua-aimsire’' In: Ní Insint Dán ach Bheith: Aistí ar Smaointeoireacht an Ríordánaigh. Maigh Nuad : An Sagart, foilsitheoirí. | |
2019 | Triona Ni Shiochain (2019) ''Comhthéacs an Cheoil in Aimsir Phiarais'' In: Ceiliúradh an Bhlascaoid: Piaras Feiritéar (c. 1600-52). Dún Chaoin : Ionad an Bhlascaoid. | |
2019 | Ní Churtáin, C. agus Ní Shíocháin, T. (2019) 'Réamhrá na nEagarthóirí' In: Ní Insint Dán ach Bheith: Aistí ar Smaointeoireacht an Ríordánaigh. Maigh Nuad : An Sagart, foilsitheoirí. | |
2018 | Ní Shíocháin, T. (2018) '‘Singing Against the Empire: Anti-structure and Anti-colonial Discourse in Nineteenth-Century Irish Song.’' In: Songs of Social Protest. Lanham, Maryland : Rowman and Littlefield International. | |
2016 | Ní Shíocháin, T. agus Boland, T. (2016) '‘‘Iomar doimhin na saoirse’ agus ‘the abyssal depths’: aisling ghéar Samuel Beckett agus Sheáin Uí Ríordáin ar eispéireas na suibiachta sa Nua-aimsir’' In: Aistí ar an bhFealsúnacht agus ar an tSíceolaíocht sa Chomhthéacs Liteartha. BÁC : Coiscéim. | |
2013 | Ní Shíocháin, T. (2013) '‘Máire Bhuí Ní Laeire: File Béil agus Fáidh Míleannach’' In: Séimhfhear Suairc: Aistí in Ómós don Ollamh Breandán Ó Conchúir. An Daingean : An Sagart. |