Welcome to the Department of Sport Science and Nutrition! This is a new Department in Maynooth University, launching in 2023.  

The Department is developing several undergraduate programmes in the areas of sport and exercise science, as well as food science and human nutrition. These programmes will focus on the health-related aspects of sport, exercise, food, and nutrition, which have direct application to improving human well-being, rehabilitation, and healthy living across the lifespan. Students who complete these programmes will be equipped with the knowledge and skills to excel in the health-related sectors of sport, exercise, food, and human well-being, which are some of the largest sectors in Ireland and around the world. The Department will also provide students with opportunities to pursue research in sport science and nutrition at Master’s and PhD level. 

Keep an eye on our courses and news for details on new programmes, research and everything else happening in the Department of Sport Science and Nutrition! 

Fáilte go dtí Roinn na hEolaíochta Spóirt agus an Chothaithe! Is roinn nua in Ollscoil Mhá Nuad í seo, á seoladh againn sa bhliain 2023.
 
Tá a lán clár fochéime á bhforbairt ag an Roinn san eolaíocht spóirt agus aclaíochta agus in eolaíocht an bhia agus i gcothú an duine chomh maith. Beidh na cláir seo dírithe ar na gnéithe de spórt, aclaíocht, bia agus cothú a bhaineann le sláinte, a bhfuil nasc láidir acu le folláine an duine, le hathshlánú agus le maireachtáil shláintiúil ar feadh an tsaoil. Beidh an saineolas agus na scileanna ag mic léinn a chríochnaíonn ceann de na cláir seo chun go mbeadh rath orthu sna hearnálacha in Éirinn a bhaineann le sláinte, lena n-áirítear spórt, aclaíocht, bia agus folláine an duine, cuid de na hearnálacha is mó in Éirinn agus ar domhan. Cuirfidh an Roinn deiseanna ar fáil do mhic léinn chun tabhairt faoi thaighde san eolaíocht spóirt agus sa chothú ag leibhéal na Máistreachta agus an PhD.
 
Coinnigh súil amach dár gCúrsaí agus Nuacht chun sonraí a fháil ar chláir nua, ar thaighde agus ar chuile shórt atá ag tarlú i Roinn na hEolaíochta Spóirt agus an Chothaithe!