‘Solas ar na Dumhchannaí: Aistí i gcuimhne ar Mhuiris Ó Meara’ seolta go hoifigiúil

Friday, November 4, 2016 - 12:45

Eagarthóirí an leabhair, Siún Ní Dhuinn (Ollscoil Mhá Nuad) agus Ailbhe Ní Ghearbhuigh. Grianghrafadóir: Dominick Walsh

Seoladh an leabhar ‘Solas ar na Dumhchannaí: Aistí i gcuimhne ar Mhuiris Ó Meara’ le déanaí ag Oireachtas na Samhna, príomhfhéile bhliantúil na nGael. Curtha in eagar ag Siún Ní Dhuinn (Léachtóir le Nua-Ghaeilge i Roinn Froebel, Ollscoil Mhá Nuad) agus ag Ailbhe Ní Ghearbhuigh agus foilsithe ag LeabhairComhar, is féilscríbhinn é an leabhar seo in ómós do Mhuiris Ó Meara. Ba scoláire, smaointeoir agus file den chéad scoth é Muiris.  Déanann an leabhar seo ceiliúradh ar oidhreacht Mhuiris, le haistí acadúla ilghnéitheacha agus machnamhacha.