Ollscoil Mhá Nuad ar cheann de na 400 Ollscoil is Fearr ar Domhan

Thursday, October 1, 2015 - 11:15

Tá feabhas suntasach tagtha ar sheasamh Ollscoil Mhá Nuad i Ranguithe Ollscoile an Domhain atá foilsithe ag Times Higher Education (THE). Tá an ollscoil sa bhanda 351 – 400 (idir an 350ú háit agus an 400ú háit ar domhan) anois. Dar leis an THE, is iontach an éacht é seasamh Mhá Nuad. Tá an scór iomlán a bhain an Ollscoil amach sa bhliain 2015 níos fearr ná aon scór atá bainte amach aici riamh. Bunaítear an rangú seo ar trí tháscaire feidhmíochta dhéag a dearadh le tomhas a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí ollscoile san iomlán; taighde, teagasc, clú, comhpháirtíochtaí tionsclaíochta agus dearcadh idirnáisiúnta san áireamh. 
 
Agus é ag labhairt faoin rangú nua, dúirt Uachtarán Ollscoil Mhá Nuad, an tOllamh Philip Nolan: “Ní cóir an iomarca béime a chur ar scéim rangaithe ar bith ach is mór an sásamh dúinn é go bhfuilimid aitheanta mar cheann de na hOllscoileanna is fearr ar domhain. Tá áthas orm toisc go n-aithníonn an suirbhé seo na héachtaí suntasacha atá bainte amach ag an bhfoireann in Ollscoil Mhá Nuad, caighdeán an taighde agus an méid taighde a dhéantar ach go háirithe. Tá an t-aschur seo ar fheabhas agus is cuid lárnach é dár dteagasc. 
 
“Léiríonn rangú den sórt seo na dúshláin a sheasann roimh na hInstitiúidí Ardoideachais in Éirinn. An phríomhlaige atá léirithe ag an rangú seo ná go bhfuil níos lú daoine agus níos lú acmhainní againn chun ár mic léinn a mhúineadh i gcomparáid iad le hollscoileanna idirnáisiúnta atá chun tosaigh orainn sna ranguithe. Má tá sé i gceist againn dul san iomaíocht ag leibhéal domhanda ní mór tús áite a thabhairt don cheist a bhaineann le maoiniú cuí a chur ar fáil do theagasc agus do thaighde. Má éiríonn linn an méid sin a bhaint amach, déanfaidh ollscoileanna Éireannacha dul chun cinn go han-tapaigh agus bainfidh ár sochaí, ár ngeilleagar agus ár seasamh domhanda tairbhe suntasach as.”
 
Tá plean straitéiseach á cur i bhfeidhm ag Ollscoil Mhá Nuad a mhairfidh go dtí 2017. Dearadh an plean seo le díriú ar agus le cur leis an obair a dhéanann an Ollscoil ar son oideachais agus ar son taighde. Tá Ionaid Barr Feabhais nua do thaighde, feabhas suntasach ar oideachas fochéime agus comhoibriú le hinstitiúidí eile sa bhaile agus i gcéin luaite sa phlean.
 
Le breis agus 10,000 mac léinn, is í Ollscoil Mhá Nuad an ollscoil is gasta fás in Éirinn. Tá líon na mac léinn dúbailte ó 1999. Bhí Ollscoil Mhá Nuad chun tosaigh ar na hOllscoileanna eile in Éirinn sa bhliain 2012, 2013 agus 2014 ó thaobh céatadán na bhfoilseachán atá acu san aon faoin gcéad de na hirisí acadúla is luaite. As seacht n-ollscoil Éireannach, tá Ollscoil Mhá Nuad sa dara háit sna ranguithe ó thaobh líon na gcéimithe PhD atá ann do gach deichniúr ball den fhoireann acadúil. Léiríonn torthaí ó shuirbhé a rinne Study Portals le déanaí go bhfuil Ollscoil Mhá Nuad ar barr na ranguithe san Eoraip a bhaineann le leibhéil shásaimh na mac léinn idirnáisiúnta.