Irisleabhar Mhá Nuad 2015 seolta go hoifigiúil

Irisleabhar Mhá Nuad 2015, an tréimhseachán is sine in Éirinn in aon teanga, seolta go hoifigiúil
Friday, October 2, 2015 - 14:45

 
Seoladh  Irisleabhar Mhá Nuad 2015, an tréimhseachán ollscoile is sine in Éirinn in aon teanga, ag ócáid speisialta in Ollscoil Mhá Nuad ar an Aoine, 25 Meán Fómhair. Bhí slua deas i láthair i Halla Pugin nuair a sheol an tAthair Nollaig Ó Súilleabháin, Coláiste Phádraig, an foilseachán go hoifigiúil. Bhí an tOllamh Aidan Mulkeen, Cláraitheoir Ollscoil Mhá Nuad, an Dr Fiona Lyddy, Déin Dhámh Eolaíochta agus Innealtóireachta Ollscoil Mhá Nuad, an Msgr Breandán Ó Doibhlin, Ollamh emeritus le Nua-Theangacha agus an Msgr Pádraig Ó Fiannachta (thuas), Ollamh emeritus le Gaeilge, i measc an tslua.

Tá Msgr. Ó Fiannachta ag feidhmiú mar eagarthóir an irisleabhair le dhá scór bliain anuas. Beidh Scoil an Léinn Cheiltigh, Ollscoil Mhá Nuad, freagrach as eagarthóireacht a dhéanamh ar an bhfoilseachán as seo amach. Mhol an Dr. Tadhg Ó Dúshlaine, Roinn na Nua-Ghaeilge agus Ionad na hÉigse, Ollscoil Mhá Nuad, an Moinsíneoir as an obair mhór atá déanta aige. Bhí an méid seo le rá aige faoin irisleabhar: “Is eiseamláir é Irisleabhar Mhá Nuad de mheon agus d’aigne Gael, meon agus aigne a aithníonn gur suas síos is ea saol an duine; gur as láimh a chéile a mhairimid; go bhfuil cothú agus treoir le fáil againn ó thaithí na nglúnta a chuaigh romhainn do conas mar is ceart dúinn gníomhú ar na saolta suaite seo. Gura fada buan spiorad dóchasach, muiníneach, carthanachtúil san Irisleabhar Mhá Nuad, i seachadadh na hoidhreachta san.”
  
Iris na mac léinn The Record of the League of St.Columba, Printed for Private Circulation, a bhí ann ar dtús, agus Irisleabhar Mhá Nuad, ón mbliain 1907 amach, faoi mar a bhí borradh ag teacht faoi athbheochan na teanga agus áit lárnach ag ollúna Mhá Nuad ann, daoine díograiseacha ar nós Mícheál Ó hIcí agus Gearóid Ó Nualláin, uncail an scríbhneora Flann O’Brien.
Sa bhliain 1922 deineadh foilseachán lánGhaelach den Irisleabhar. Ní gach aoinne a bhí sásta agus in eagarfhocal na bliana 1923 is mar seo a míníodh an scéal:
Ní hamhlaidh a mheasaimid a rá ná raibh aon mhaitheas sna haistí Béarla a bhí san Irisleabhar sna blianta a ghaibh tharainn. Bhí, agus maitheas mór, ach ba é an trua gan iad as Gaeilge. Ní raibh leigheas air an uair sin, ach tá anois, agus mar sin táimid ag tabhairt an bhóthair dhírigh ar aghaidh orainn féin...

Ní bóthar an Phiarsaigh, bóthar na réabhlóide míleata, ach bóthar na réabhlóide cultúrtha, an bóthar sin a bhí á mholadh ag Thomas Davis, a thóg muintir Mhá Nuad. Bhunaigh an tAthair Lorcan Ó Muirí Coláiste Bhríde, i Rann na Feirste, bhunaigh an tAth. Tadhg Ó Murchú Brú na Gráige i gCorcaigh, chun fís na réabhlóide sin a chur i gcrích.
Suas síos a bhí saol an Irisleabhair ó thosach. Faoin mbliain 1940 bhí díograis Uí Ghramhnaigh agus Uí Icí faoi chúrsaí oidhreacha, tábhacht an chreidimh agus na staire go háirithe, ag teip agus bhí gá le fuinneamh agus casadh i bpolasaí eagarthóireachta an Irisleabhair, rud a tharla le teacht Dhonnchadh Ó Floinn, agus an bhéim ar feadh scór bliain ina dhiaidh sin ar na bailiúcháin thábhachtacha béaloidis a dhein na mic léinn agus na sagairt sna ceantair Ghaeltachta agus iad ar saoire.

Tharla casadh eile i stair an Irisleabhair sna seascaidí. Tugadh eagrán na bliana 1966, comóradh an leathchéid de Éirí Amach na Cásca suas don nua-litríocht amháin. D’éirigh go hiontach leis agus leanadh den bpolasaí sin ar feadh deich mbliana, nó mar sin, agus i gcaitheamh an ama sin bhí an tIrisleabhar in úsáid sna hOllscoileanna, ag múinteoirí meánscoile, agus éileamh air ag scríbhneoirí agus ag intleachtóirí i gcéin agus i gcóngar.
Ach faoi mar a bhí athrú ag teacht ar shaol na hollscoile bhí lagtrá ag teacht ar obair dheonach na mac léinn ag soláthar don Irisleabhar. Ach bhí Slánaitheoir ar láimh i bpearsa Phádraig Uí Fhiannachta, agus tá obair éachtach déanta aige don Irisleabhar agus d’fhoilsitheoireacht na Gaeilge i gcoitinne, le dhá scór bliain anuas.