Gradam de chuid Ghlór na nGael buaite ag Cuallacht Cholm Cille

Cathaoirleach Ghlór na nGael, Pat Carey, Uachtarán na hÉireann, Micheál D. Ó hUigínn agus Uachtarán Chuallacht Cholm Cille, Kevin Boushel
Monday, April 24, 2017 - 17:00

Bhronn Uachtarán na hÉireann, Micheál D. Ó hUiginn, gradam de chuid Ghlór na nGael ar Chuallacht Cholm Cille ag ócáid speisialta ar an 23 Aibreán in Óstán Carton House.
Bronntar Gradaim Ghlór na nGael mar aitheantas ar an obair dheonach ar son na teanga atá ar siúl i measc an phobail ag coistí agus ag eagraíochtaí éagsúla.

D’éirigh le Cuallacht Cholm Cille, Cumann Gaelach na hOllscoile, an tríú háit a bhaint amach sa chomórtas d’institiúidí tríú leibhéal. Tá beagnach 300 ball ag Cuallacht Cholm Cille. Eagraíonn siad ócáidí éagsúla i rith na bliana.
Bronnadh seic ar luach €1,500 ar Kevin Boushel, Uachtarán na Cuallachta, ar an oíche. Dúirt Kevin: “Ba mhór an onóir é ainmniúchán a fháil. Tá áthas an domhain ar an gCuallacht go bhfuil an duais seo bainte amach againn.”