'Bronnadh Phortráidí na Scríbhneoirí Gaeilge ar Uachtarán na hÉireann

Thursday, September 8, 2016 - 09:30

Ar Mháirt 6 Meán Fómhair 2016, ar chuireadh ó Áras an Uachtaráin, bronnadh eagrán comórtha de Portráidí na Scríbhneoirí Gaeilge ar Uachtarán na hÉireann, a Shoilse Micheál D. Ó hUiginn.

Mar chuid den chuairt ar an Áras, d'fhreastail foireann an tionscadail ó Roinn na Nua-Ghaeilge in Ollscoil Mhá Nuad (Eagarthóir: An Dr Liam Mac Amhlaigh; dearthóir agus comhairleoir teicniúil: Ronan Doherty) agus toscairí ón bhfoilsitheoir COMHAR Teo, agus ón údarás maoinithe Foras na Gaeilge.

 

Le haitheantas faoi leith a thabhairt don chóip speisialta seo, dearadh bosca lámhdhéanta ag Gearóid Ó Conchubhair (le míreanna ó Ronan Doherty, Studio 13, agus Anglo Print) a bhfuil inscríbhinn clóite a luann an ócáid istigh ann.

 

Tá gach eolas faoin tionscnamh ar www.portraidi.ie; @scribhneoiri, and www.facebook.com/portraidi.