Seoladh Lárionad na Gaeilge

An tAire Joe McHugh ag labhairt ag an seoladh
Tuesday, December 13, 2016 - 15:30

Sheol an tAire Stáit um an Diaspóra agus Forbairt Idirnáisiúnta, Joe McHugh TD, Lárionad na Gaeilge: Taighde, Teagasc agus Tástáil – ionad atá ag teacht i gcomharbacht ar Ionad na dTeangacha, Ollscoil Mhá Nuad. Tógfar ar na cúrsaí agus ar na tionscadail taighde Ghaeilge a bhí á reáchtáil ag an Ionad agus oibreoidh an Lárionad feasta faoi scáth Scoil an Léinn Cheiltigh. 

Tá dea-chlú ar an obair a dhéantar sa Lárionad i gcomhthéacs na Gaeilge. Chomh maith le bheith freagrach as teagasc na teanga do mhic léinn fochéime na hOllscoile, déantar freastal ar fhoghlaimeoirí Gaeilge lánfhásta in Éirinn agus thar lear.  Déantar scrúduithe TEG a riar sa Lárionad, scrúduithe agus cáilíochtaí Gaeilge do dhaoine fásta a reáchtáiltear gach bliain ar fud na tíre agus in ionaid thar lear. Tá ionaid scrúdaithe i Nua-Eabhrac, Páras, Prág agus Ottawa le roinnt blianta anuas agus bhí scrúduithe ar siúl in Sydney den chéad uair i mí an Mheithimh 2016.  Táthar ag súil go mbunófar ionad scrúdaithe nua i mBostún go luath.  Tá scrúduithe TEG déanta ag beagnach 4,500 duine go dtí seo.  Bhronn ALTE (Association of Language Testers in Europe) an Q-mark ar scrúduithe TEG in 2016 chun aitheantas a thabhairt d’ardchaighdeáin an phróisis scrúdaithe. 
 

An tAire McHugh ag casadh leis an Ollamh David Stifter, Roinn na Sean-Ghaeilge.jpg

Chomh maith leis sin, cuireann an Lárionad dhá shainchúrsa pháirtaimseartha ar fáil:  An Dioplóma Iarchéime/MA san Aistriúchán agus san Eagarthóireacht (Ar Líne) atá dírithe ar dhaoine atá ag iarraidh barr feabhais a chur ar a gcuid scileanna teanga, agus scileanna aistriúcháin agus eagarthóireachta a fhoghlaim, agus an Dioplóma i Múineadh na Gaeilge (Foghlaimeoirí Fásta), cúrsa praiticiúil a chuireann oiliúint ar mhúinteoirí maidir leis na modhanna múinte is nuálaí agus is éifeachtaí sa seomra ranga teanga. Cuirtear Vifax don Ghaeilge – córas foghlama Gaeilge bunaithe ar nuacht TG4, a mbíonn suas le 30,000 úsáideoir aige sa bhliain  – ar fáil gach seachtain i rith na scoilbhliana.

Tá an taighde ar fhoghlaim agus ar theagasc na Gaeilge ina chrann taca d’obair an Lárionaid. Le blianta beaga anuas, bíonn muid ag obair i gcomhpháirtíocht leis an Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta agus le Coimisiún Fulbright ar thionscadail taighde a chuideoidh linn ábhar teagaisc agus cúrsaí den scoth a chur ar fáil d’fhoghlaimeoirí na Gaeilge ar fud na cruinne. Faoi láthair, tá taighde idir lámha againn ar chaighdeán na ndaltaí a bhaineann amach marcanna áirithe sa Ghaeilge san Ardteistiméireacht, ar an teangeolaíocht chorpais agus cúrsaí measúnachta, ar inniúlacht na mac léinn céime sa Ghaeilge labhartha agus scríofa, agus ar an ilteangachas.

Deir Anna Ní Ghallachair, Stiúrthóir Lárionad na Gaeilge, ‘Tá spiorad na Gaeilge an-láidir in Ollscoil Mhá Nuad.  Is í an Roinn Ghaeilge i Má Nuad an Roinn Ghaeilge is mó sa tír faoi láthair agus is Gaeltacht fhíorúil atá ionainn sa mhéid is go gcuirimid fáilte roimh phobal na hOllscoile, an pobal áitiúil agus foghlaimeoirí Gaeilge in Éirinn agus thar lear trí chúrsaí agus scrúduithe Gaeilge, traidisiúnta agus ar líne. Tugann caighdeán na Gaeilge sa tír agus polasaithe a bhaineann le cúrsaí Gaeilge sa bhaile agus go hidirnáisiúnta ár ndúshlán uilig atá ag plé le foghlaim agus le teagasc na teanga: An Polasaí nua Oideachais don Ghaeltacht, An Phleanáil Teanga sa Ghaeltacht, An Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge agus stádas na Gaeilge san Aontas Eorpach. Is é misean Lárionad na Gaeilge ná teagasc agus oiliúint teanga ar ardchaighdeán a chur ar fáil, a fhreagraíonn d’athruithe i gcomhthéacs an oideachais san Ollscoil féin, sa phobal a bhfreastalaíonn an Ollscoil air agus ar bhonn idirnáisiúnta. Tabharfaidh muid faoin obair le fuinneamh, le dúthracht, le samhlaíocht agus le súil amháin i gcónaí ar an dea-chleachtas idirnáisiúnta.
 

Slua ag an seoladh
An tAthair Micheál Mac Gréil leis an Aire McHugh

Ba mhaith liom ár mbuíochas ó chroí a ghabháil leis an Aire Stáit Joe McHugh TD, céimí de chuid Ollscoil Mhá Nuad agus iar-Aire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta, as an Lárionad nua a sheoladh dúinn. Is mór againn a chuid tacaíochta.’