Úrscéal rathúil Gaeilge aistrithe go hEastóinis ag iarmhac léinn de chuid Lárionad na Gaeilge

Wednesday, March 15, 2023 - 12:00

Úrscéal rathúil Gaeilge aistrithe go hEastóinis ag iarmhac léinn de chuid Lárionad na Gaeilge 

Cúis mhór bhróid do Lárionad na Gaeilge go bhfuil an t-úrscéal rathúil Madame Lazare aistrithe ó Ghaeilge go hEastóinis ag iarmhac léinn de chuid an MA san Aistriúchán agus san Eagarthóireacht, Indrek Ois, arbh as an Eastóin ó dhúchas é.  

Bronnadh gradam An Post don Leabhar Gaeilge is Fearr ar Madame Lazare le Tadhg Mac Dhonnagáin in 2021 agus tugadh ‘aitheantas speisialta’ don leabhar ag Gradam Litríochta an Aontais Eorpaigh 2022 le déanaí. Tá an chéad aistriúchán den úrscéal le foilsiú go luath agus spéisiúil go leor, is leagan Eastóinise, Proua Lazare, a aistríodh díreach ón mbunleagan Gaeilge a bheidh ann.  

Aistritheoir Eastónach é Indrek Ois a bhain MA san Aistriúchán agus san Eagarthóireacht amach ó Lárionad na Gaeilge, Ollscoil Mhá Nuad in 2021. Tá sé ag obair mar aistritheoir foirne anois i gCoimisiún na hEorpa ach deir sé go raibh spéis aige in úrscéal Uí Dhonnagáin ón tús nuair a  thuig sé go raibh baint ag an scéal leis an Eastóin. Baineann plota an úrscéil le bean óg a dhéanann iarracht tuiscint a fháil ar rúndiamhair shaol a seanmháthar, a theith ón Eastóin sna 1930idí chun éalú ó ghéarleanúint na Naitsithe ar Ghiúdaigh. 

“Bhí spéis agam in Madame Lazare ón tús,” a deir Indrek, “ach is beag a cheap mé go bhféadfainn é a aistriú. Nuair a thosaigh mé ar an úrscéal a léamh, bhí a fhios agam ar an bpointe gur theastaigh uaim é a aistriú.” Bhí sásamh an-mhór ag baint leis an obair, dar le Indrek, agus “ba é an dúshlán ba mhó a bhain leis ná stíl nádúrtha an údair a thabhairt slán san aistriúchán. Bhí Tadhg féin sásta aon cheist a bhí agam a phlé agus mé a spreagadh le linn an tionscadail. A leithéid d'ádh don aistritheoir!” 

Deir Indrek gur “aistriúcháin iad formhór na leabhar a fhoilsítear san Eastóin agus is maith a ghlactar le litríocht as Éirinn go hiondúil; mar sin tá súil agam go mbeidh rath ar an leagan Eastóinise freisin. Ní margadh ollmhór é, ach is pobal mór léitheoireachta muid go ginearálta. Ó tharla go bhfuil roinnt cosúlachtaí idir an dá thír, d'fhéadfadh an t-úrscéal dul i bhfeidhm ag léitheoirí na hEastóine, sílim. Tá roinnt postálacha moltacha feicthe agam ar na meáin shóisialta cheana féin!” 

Is cúrsa páirtaimseartha ar líne é an Dioplóma Iarchéime san Aistriúchán agus san Eagarthóireacht atá ar siúl in Ollscoil Mhá Nuad ó bhí 2007 ann. Faigheann mic léinn ar an gcúrsa taithí ar an aistriúchán liteartha chomh maith leis an aistriúchán ar théacsanna dlíthiúla, teicniúla agus gairmiúla.  Chomh maith le roinnt aistriúchán liteartha a bheith déanta ag céimithe an chúrsa, tá poist bainte amach acu in institiúidí de chuid an Aontais Eorpaigh, i ranna agus in eagraíochtaí Stáit, i ngníomhaireachtaí aistriúcháin, i scoileanna agus in ollscoileanna, sna meáin, agus i gcomhlachtaí foilsitheoireachta. 

Tá tuilleadh eolais faoin gcúrsa seo ar fáil anseo.  Is é an spriocdháta d’iarratais ar chúrsa 2023-25 ná an 10 Iúil 2023.  

======================================== 

Award-winning Irish-language novel translated to Estonian by Lárionad na Gaeilge graduate 

The Centre for Irish Language is very proud that the award-winning novel Madame Lazare has been translated from Irish to Estonian by Indrek Ois, a former student of the MA in Translation and Editing programme, who is originally from Estonia. 

Madame Lazare by Tadhg Mac Dhonnagáin was awarded the An Post award for the Irish Language Book of the Year in 2021 and was given 'special recognition' at the European Union Prize for Literature awards in 2022. This first translation of the novel will be published soon and interestingly, it is an Estonian version, Proua Lazare, that has been translated directly from Irish. 

Indrek Ois is an Estonian translator who graduated with an MA in Translation and Editing from the Centre for Irish Language at Maynooth University in 2021. He is now working as a staff translator for the European Commission but says he was immediately interested in Ó Donnagáin's novel when he learned that the story had connections with Estonia.  The novel centres on a young woman who tries to understand the mysterious life of her grandmother, who fled Estonia in the 1930s to escape the Nazi persecution of Jews. 

“I was interested in Madame Lazare from the beginning,” says Indrek, “but it didn’t occur to me initially that I could translate it. When I started to read it, I knew straight away that I wanted to translate it.” The work was very satisfying, according to Indrek, and the biggest challenge was to carry the author's natural style through to the translation. “Tadhg himself was happy to discuss any question I had, and he encouraged me during the project which is a very fortunate position for any translator!” 

The majority of books published in Estonia are translations, according to Indrek, and literature from Ireland is generally well received; “I’m hopeful that the Estonian version of Madame Lazare will be a success too. It's not a huge market, but we are big readers here in general. Because of the similarities between the two countries, I think that the novel will have an impact on Estonian readers. I've already seen some positive comments on social media!” 

The Postgraduate Diploma in Translation and Editing is a two-year part-time online programme which has been offered by Maynooth University since 2007. Students of the programme gain experience of literary translation in addition to legal, technical and professional texts. As well as having published translations of literary works, graduates of the programme are employed in state departments and organizations, in translation agencies, in schools and universities, in the media, and in publishing companies. 

Further information about this course is available here. The closing date for applications for the 2023-25 programme is the 10 July 2023.