MA / Dioplóma Iarchéime san Aistriúchán agus san Eagarthóireacht (Ar Líne)

Tá Lárionad na Gaeilge Ollscoil Mhá Nuad ag glacadh le hiarratais anois don MA / Dioplóma Iarchéime san Aistriúchán agus san Eagarthóireacht (Ar Líne).
Tuesday, May 29, 2018 - 17:45

Tá Lárionad na Gaeilge Ollscoil Mhá Nuad ag glacadh le hiarratais anois don MA / Dioplóma Iarchéime san Aistriúchán agus san Eagarthóireacht (Ar Líne). Tá an Dioplóma Iarchéime/MA san Aistriúchán agus san Eagarthóireacht dírithe ar dhaoine atá ag iarraidh barr feabhais a chur ar a gcuid scileanna teanga, agus scileanna aistriúcháin agus eagarthóireachta a fhoghlaim. Cúrsa praiticiúil atá ann ina ndírítear ar chruinneas Gaeilge agus ar chúrsaí stíle, ar fhadhbanna a thagann chun cinn go minic san aistriúchán Béarla–Gaeilge, ar ghnéithe den teoiric a bhfuil feidhm phraiticiúil leo, ar scileanna teicneolaíochta, agus ar chleachtais ghnó agus ghairmiúla in earnáil an aistriúcháin agus na heagarthóireachta. Cuirtear béim láidir ar scileanna eagarthóireachta sa chúrsa freisin, sa dóigh is go mbeidh na rannpháirtithe in ann a saothar féin agus saothar daoine eile a athbhreithniú go héifeachtach.

Beidh scoláireachtaí ar fáil don bheirt iarrthóirí a fhaigheann na marcanna is airde sa scrúdú iontrála. Clúdóidh an scoláireacht táillí iomlána an chúrsa.

Déantar iarratas ar líne ag http://www.pac.ie/maynoothuniversity

Spriocdháta d'iarratais: 16 Iúil 2018

Scrúdú iontrála in Ollscoil Mhá Nuad: 22 Iúil 2018

Déan teagmháil linn ar rphost: teanga@mu.ie  nó ar 01 7086417