MA / DIOPLÓMA IARCHÉIME SAN AISTRIÚCHÁN AGUS SAN EAGARTHÓIREACHT (AR LÍNE)

Thursday, June 2, 2016 - 16:15

Tá an Dioplóma Iarchéime/MA san Aistriúchán agus san Eagarthóireacht dírithe ar dhaoine atá ag iarraidh barr feabhais a chur ar a gcuid scileanna teanga, agus scileanna aistriúcháin agus eagarthóireachta a fhoghlaim. Cúrsa praiticiúil atá ann ina ndírítear ar chruinneas Gaeilge agus ar chúrsaí stíle, ar fhadhbanna a thagann chun cinn go minic san aistriúchán Béarla–Gaeilge, ar ghnéithe den teoiric a bhfuil feidhm phraiticiúil leo, ar scileanna teicneolaíochta, agus ar chleachtais ghnó agus ghairmiúla in earnáil an aistriúcháin agus na heagarthóireachta. Cuirtear béim láidir ar scileanna eagarthóireachta sa chúrsa freisin, sa dóigh is go mbeidh na rannpháirtithe in ann a saothar féin agus saothar daoine eile a athbhreithniú go héifeachtach. 

Tabharfar deis do na mic léinn sin a bhainfidh an caighdeán cuí amach sa Dioplóma Iarchéime (65% nó os a chionn) tráchtas a scríobh agus MA a bhaint amach. Is idir mí an Mheithimh agus mí Dheireadh Fómhair, tar éis dóibh an Dioplóma Iarchéime a chríochnú, a bheidís ag gabháil don chéim bhreise sin. Glacfar le hiarratais freisin ó chéimithe de chuid an Dioplóma Iarchéime san Aistriúchán agus san Eagarthóireacht a bhfuil an caighdeán cuí bainte amach acu. 
 

  • CÚRSA AR LÍNE
  • DHÁ BHLIAIN PÁIRTAIMSEARTHA
  • LEIBHÉAL 9

Tá céimithe de chuid an chúrsa seo ag obair i réimse leathan áiteanna – in institiúidí de chuid an Aontais Eorpaigh, cuir i gcás, i ranna agus eagraíochtaí Stáit, i scoileanna agus ollscoileanna, sna meáin, agus i gcomhlachtaí aistriúcháin agus ateangaireachta.

Tá tuilleadh eolais le fáil ar www.maynoothuniversity.ie/language/our-courses/aistriuchan nó is féidir teagmháil a dhéanamh le hIonad na dTeangacha ar (01) 708 3737 nó teanga@mu.ie.
 

Iarratais

Déantar iarratas ar líne ag www.pac.ie/maynoothuniversity (cuardaigh “MH51C”).

Spriocdháta: 6 Iúil 2016
 

Riachtanais iontrála

Bunchéim (ní gá gur céim sa Ghaeilge a bheadh ann).
Pas i scrúdú iontrála teanga (gramadach, ceartúsáid na teanga agus aistriúchán). Tá scrúdú samplach iontrála ar fáil ach cliceáil anseo.
Teastas Eorpach na Gaeilge (TEG) Meánleibhéal 2 (B2). 

 

Dátaí tábhachtacha

Spriocdháta d’iarratais: 6 Iúil 2016

Scrúdú iontrála an Dioplóma Iarchéime / MA: 15 Iúil 2016 (in Ollscoil Mhá Nuad)

Scrúdú TEG Meánleibhéal 2 (B2): 16 Iúil 2016 nó 20 Lúnasa 2016