Léachtaí Cholm Cille 50 Curtha ar Ceal

Léachtaí Cholm Cille: Comóradh an Leathchéid curtha ar ceal de bharr COVID-19
Friday, February 22, 2019 - 06:45

Is oth linn a rá go bhfuil Léachtaí Cholm Cille 50 curtha ar ceal de bharr COVID-19
 

Comóradh an Leathchéid: Téamaí agus Tionscadail Taighde

 
Agus sinn ag ceiliúradh 50 bliain de Léachtaí Cholm Cille i mbliana beifear ag breathnú siar agus romhainn ar ghnéithe éagsúla dá bhfuil bainte amach agus dá bhfuil ag tarlú anois i réimsí éagsúla de léann na Gaeilge. Gné lárnach den chomhdháil is ea go mbeifear ag díriú ar thionscadail taighde a bhfuil maoiniú faighte acu. Ní fhágfar aon tréimhse den teanga ar lár agus beidh sporgasbord de thopaicí ar fáil – cúrsaí litríochta agus critice na Nua-Ghaeilge, teanga na Sean-Ghaeilge, léann an leighis sna meánaoiseanna, corpas na Nua-Ghaeilge Clasaicí, bunachair bhéaloidis agus logainmneacha, agus próifíliú lucht foghlama na Gaeilge. 
 
Beidh an clár ar fáil go luath.
 
Tuilleadh eolais: Fón +353 01 708 3666