Dioplóma Iarchéime san Aistriúchán agus san Eagarthóireacht

Monday, May 25, 2015 - 12:00

Tá an cháilíocht seo dírithe ar dhaoine atá ag iarraidh barr feabhais a chur ar a gcuid scileanna teanga, agus scileanna aistriúcháin agus eagarthóireachta a fhoghlaim. Cúrsa praiticiúil atá ann ina ndírítear ar chruinneas Gaeilge agus ar chúrsaí stíle, ar fhadhbanna a thagann chun cinn go minic san aistriúchán Béarla–Gaeilge, ar ghnéithe den teoiric a bhfuil feidhm phraiticiúil leo, agus ar chleachtais ghnó agus ghairmiúla in earnáil an aistriúcháin agus na heagarthóireachta.

  • CÚRSA AR LÍNE
  • DHÁ BHLIAIN PÁIRTAIMSEARTHA
  • LEIBHÉAL 9

Tá céimithe de chuid an chúrsa seo ag obair i réimse leathan áiteanna – in institiúidí de chuid an Aontais Eorpaigh, i ranna agus eagraíochtaí Stáit, i scoileanna agus ollscoileanna, sna meáin, agus i gcomhlachtaí aistriúcháin agus ateangaireachta.

Déantar iarratas ar líne ag www.pac.ie/maynoothuniversity (cuardaigh “MH51C”).

Tá tuilleadh eolais le fáil ar www.maynoothuniversity.ie/language/our-courses/aistriuchan nó is féidir teagmháil a dhéanamh le hIonad na dTeangacha ar (01) 708 3737 nó teanga@mu.ie.