
Beidh Lárionad na Gaeilge in Ollscoil Mhá Nuad ag reáchtáil an Dioplóma i Múineadh na Gaeilge d’Fhoghlaimeoirí Fásta arís i mí Mheán Fómhair 2018. Tá an cúrsa dírithe ar dhaoine a bhíonn ag múineadh na Gaeilge do dhaoine fásta. Tá sé dírithe chomh maith ar dhaoine ar mhaith leo tabhairt faoi ranganna Gaeilge a mhúineadh ach atá ag iarraidh foghlaim conas tabhairt faoi. Is cúrsa páirtaimseartha é a bheidh ar siúl 10 Satharn i rith na bliana acadúla i lár Bhaile Átha Cliath.
Táille an chúrsa: €500
Foirm iarratais: https://www.maynoothuniversity.ie/sites/default/files/assets/document/foirm-iarratais-dmg-2018_0.pdf
Is é an 22 Meitheamh 2018 an spriocdháta do na hiarratais.
Gach eolas eile: http://bit.do/DMGFF
Déan teagmháil linn ar rphost: [email protected] nó ar 01 7086417