Tugann Raidió na Life cuairt ar Ollscoil Mhá Nuad

Monday, April 3, 2017 - 12:45

Thug Muiris Ó Fiannachta (BA Idirnáisiúnta, 2004) agus foireann Raidió na Life cuairt ar Ollscoil Mhá Nuad le linn Sheachtain na Gaeilge le clár raidió a thaifead le mic léinn na hOllscoile. Ghlac mic léinn agus baill foirne páirt sa chlár.
 
Rinne Muiris staidéar ar an Nua-Ghaeilge agus ar an Spáinnis in Ollscoil Mhá Nuad. Thosaigh sé ag obair mar Bhainisteoir Raidió na Life i 2007.

Is féidir éisteacht leis an gclár ag an nasc seo.  
 
Thuas: Muiris Ó Fiannachta, Niamh Ní Shúilleabháin, Pádraig Ó Conghaile (Raidió na Life) agus Alswyn Hennessy Doyle (ar chlé, Cuallacht Cholmcille).