Tugann Nuala Ní Dhomhnaill agus Caoimhe Ní Chathail cuairt ar Ollscoil Mhá Nuad

Tuesday, October 10, 2017 - 14:30

Thug an file Nuala Ní Dhomhnaill cuairt ar Ollscoil Mhá Nuad chun labhairt os comhair phobal na Gaeilge mar chuid den tSraith Seimineár atá ar bun ag Aontas na Mac Léinn Mhá Nuad agus Roinn na Nua-Ghaeilge. Léigh Nuala roinnt dá cuid scríbhneoireachta agus labhair sí faoin spreagadh agus cúlra taobh thiar dá dánta. Mar chuid den tsraith thug an t-iriseoir agus réalta meán sóisialta Caoimhe Ní Chathail píosa cainte ag tús mhí na Samhna, agus labhair an Dr Niall Comer ar an 5 Nollaig.