Seoladh an tríú heagrán de COMHARTaighde

Eagarthóir COMHARTaighde, An Dr Máirtín Coilféir; An Dr Liam Mac Amhlaigh, Ollscoil Mhá Nuad; agus an tOllamh Máirín Nic Eoin ag léiriú spéise sa ríomhiris in éineacht leis an gcomhairleoir deartha Ronan Doherty, Ollscoil Mhá Nuad.
Saturday, October 21, 2017 - 14:30

Ba é Bob Collins, Iar-ardstiúrthóir ar RTÉ, a sheol an tríú heagrán de COMHARTaighde (www.comhartaighde.ie) i mí Dheireadh Fómhair: an chéad ríomhiris phiarmheasta i léann na Gaeilge. Tá Ollscoil Mhá Nuad ar cheann de thrí institiúid tríú-leibhéal atá rannpháirteach in eagar agus foilsiú na hirise i bpáirt leis an teach foilsitheoireachta Gaelach, COMHAR. Téann an iris ó neart go neart le saothar sé alt agus seacht léirmheas in 2017, le halt scríofa san eagrán reatha ag an Dr Tracey Ní Mhaonaigh, ó Roinn na Nua-Ghaeilge, dar teideal: Croidhe Cainnte Chiarraighe agus foclóir an Duinnínigh. Tá an ghairm ar ailt amuigh anois d'eagrán 4 le sprioc den chéad lá Feabhra 2018.