Seachtain na Gaeilge in Ollscoil Mhá Nuad seolta ag Síomha Ní Ruairc ó Chonradh na Gaeilge

Tuesday, March 14, 2017 - 12:30

Bhailigh slua mór le chéile le déanaí don seoladh oifigiúil ar Sheachtain na Gaeilge in Ollscoil Mhá Nuad. Bhí Síomha Ní Ruairc ó Chonradh na Gaeilge ina haoi speisialta ar an lá. Labhair sí faoi na cuimhní atá aici ar na laethanta a chaith sí mar mhac léinn in Ollscoil Mhá Nuad agus faoin obair atá ar siúl aici anois le Conradh na Gaeilge agus le Seachtain na Gaeilge.

Seoladh clár imeachtaí na Seachtaine ag an ócáid – ‘Pop- up Gaeltacht’ in Aontas na Mac Léinn, ceolchoirm thraidisiúnta, tráth na gceist boird, comórtas talainne ‘An Gael Is Fearr’, ceardlann amhránaíochta ar an sean-nós agus cluichí boird trí Ghaeilge sa Leabharlann san áireamh.
 
Chuir mic léinn na hOllscoile siamsaíocht den scoth ar fáil ag an ócáid - damhsa agus amhránaíocht ar an sean-nós chomh maith le filíocht, ceol córúil agus popcheol trí Ghaeilge. 
 
Conradh na Gaeilge’s Síomha Ní Ruairc launches Maynooth University’s Seachtain na Gaeilge

A large crowd gathered for the official launch of Maynooth University’s Seachtain na Gaeilge. Síomha Ní Ruairc from the Irish Language organisation Conradh na Gaeilge was the special guest at the event. She spoke about her days as a student in Maynooth University and the work she is currently undertaking in her role with Conradh na Gaeilge and Seachtain na Gaeilge.

The University’s schedule of events was launched at the event including a ‘Pop-up Gaeltacht’ in the Student’s Union, a traditional Irish music concert, a table quiz, the ‘An Gael Is Fearr’ talent competition, a sean-nós singing workshop and an Irish language board games area in the library.

University students provided excellent entertainment at the event – sean-nós singing and dancing as well as poetry, choral music and pop music through Irish.

Brúigh ar an bpictiúr thíos le breathnú ar na grianghraif / Click on the picture below to view the photographs. 

Seachtain na Gaeilge Ollscoil Mhá Nuad 2017