Seachtain na Gaeilge 2023 Ceiliúrtha ar Champas Mhá Nuad

Brian Mac Maghnuis, Oifigeach na Gaeilge in OMN, Alex Balfe, Leasuachtarán Oideachais agus Uachtarán Ionaid Aontas na Mac Léinn agus Craig Mac Gabhann, Oifigeach na Gaeilge le hAontas na Mac Léinn ag Aonach Sheachtain na Gaeilge 2023.
Thursday, March 9, 2023 - 12:45

Is le linn na seachtaine seo atá Seachtain na Gaeilge 2023 á ceiliúradh ag pobal na hOllscoile, idir mhic léinn agus bhall foirne, le clár imeachtaí iomlán a bhaineann ní hamháin leis an nGaeilge í féin ach le healaíona agus cultúr na Gaeilge freisin. Seo an chéad uair le trí bliana anuas nach raibh féidearthachtaí na féile teoranta don lucht eagraithe mar gheall ar shrianta a bhain leis an bpaindéim Covid 19. Cuireadh clár imeachtaí cruthaitheach, ilghnéitheach agus ionchuimsitheach le chéile ag Oifig na Gaeilge, Aontas Mac Léinn Mhá Nuad agus Cuallacht Cholmcille, an cumann Gaelach ollscoile is sine sa tír atá ag ceiliúradh 125 bliain ó bunaíodh í i mbliana. Ba iad príomheagarthóirí Sheachtain na Gaeilge 2023 ar champas Mhá Nuad ná Uachtarán Chuallacht Cholmcille Órlaith Towey agus Oifigeach Gaeilge Aontas Mac Léinn Mhá Nuad Craig Mac Gabhann agus Oifigeach Gaeilge Ollscoil Mhá Nuad Brian Mac Maghnuis. Ba údar áthais agus dóchais don Oifig, Aontas agus Cuallacht é go bhfuaireadar fuíollach tacaíochta ó ranna agus oifigí eile thar timpeall na hOllscoile lena gcuid comhimeachtaí spreagúla.

I measc na n-imeachtaí atá ag tarlú an tseachtain seo le comhoibriú tá ceolchoirm lóin ón Trad Ensemble ar champas ina mbíonn mic léinn ó Roinn an Cheoil atá tiomanta don cheol traidisiúnta ag seinm faoi stiúir iarmhac léinn Mhá Nuad agus iriseoir le Virgin Media News, Aisling Ní Choisdealbha; taispeántas poiblí den scannán atá go mór i mbéal an phobail ó bhain sé éacht amach mar an chéad scannán Gaeilge chun ainmniúchán Oscar a fháil don Scannán Idirnáisiúnta is Fearr, An Cailín Ciúin, Aonach Sheachtain na Gaeilge 2023 lonnaithe i gClub Aontas na Mac Léinn le rannpháirtíocht ó eagraíochtaí Gaeilge áitiúil agus náisiúnta, Cill Dara le Gaeilge, An Coimisinéir Teanga agus Conradh na Gaeilge ina measc, agus traidisiún a leagadh síos roimh an bpaindéim agus atá tagtha ar ais ar an bhfód anois, Quiz Mór Millteach na Gaeilge á chur in eagar i gcomhpháirt le grúpa pobail Gaeilge deonach atá an-láidir sa cheantar, Gaeilge Nuada.

Anuas ar na himeachtaí thuasluaithe, tá ceardlann scríbhneoireachta do mhic léinn á cur in eagar ag an Oll Fionntán de Brún agus Dr Caitlín Nic Íomhair, céilí na Féile Pádraig á cur in eagar ag muintir na hOifige Idirnáisiúnta, Seomra Éalaithe, Pop-Up Gaeltacht agus ciorcail chomhrá den teideal “Tae agus Plé” á gcur in eagar ag Cuallacht Cholmcille agus ceardlann amhránaíochta ar an sean-nós leis an saineolaí sean-nóis agus Ceann Roinn na Nua-Ghaeilge, an tOll Tríona Ní Shíocháin, i gcomhar leis an tSeachtain um Cheartas Sóisialta, atá á ceiliúradh ar champas an tseachtain seo chomh maith. Tiocfaidh deireadh le himeachtaí na Seachtaine nuair a labhróidh Brian Mac Maghnuis, Oifigeach Gaeilge OMN, le heagraíochtaí Gaeilge ó cheann ceann an chontae ag Meitheal Chill Dara Dé Sathairn.