Scrúduithe TEG Faoi Bhláth i Láthair na hUaire

Anna Ní Ghallachair, stiúrthóir Lárionad na Gaeilge, le feiscint ar chlé ag imeacht ar champas i Mí Aibreáin na bliana seo a chuir gairmeacha le Gaeilge san Eoraip chun cinn os comhair ár mac léinn. In éineacht leí sa phictiúr tá Ciarán Murray ó European Movement Ireland agus an tAire Stáit do Ghnóthaí Eorpacha Helen McEntee, TD.
Sunday, May 12, 2019 - 14:45

Tá borradh mór faoi TEG (www.teg.ie) faoi láthair agus lúcháir ar Lárionad na Gaeilge ina leith. Tháinig méadú mór ar iarrthóirí Theastas Eorpach na Gaeilge ó mhí Eanáir 2019 ar aghaidh. Tá an tsraith scrúduithe in úsáid anois ag cuid mhór institiúidí ardoideachais agus fostóirí chun caighdeán Gaeilge iarrthóirí agus mic léinn ionchasacha a mheas. Tabharfaidh tuairim is 1700 iarrthóir faoi scrúduithe TEG idir Eanáir agus Meitheamh 2019.

I mbliana, den chéad uair riamh, tá scrúdú TEG Meánleibhéal 1 (B1) in úsáid ag institiúidí oideachais chun cumas Gaeilge na n-iarrthóirí ar na cúrsaí seo a mheas: an Máistir Gairmiúil san Oideachas (Bunmhúinteoireacht) (MGO) do na hinstitiúidí oideachais poiblí; an B.Oid trí Mheán na Gaeilge sa Bhunmhúinteoireacht (Institiúid Oideachais Marino) agus an M.Oid san Oideachas Lán-Ghaeilge agus Gaeltachta (Coláiste Mhuire gan Smál). Faoi láthair, is gá do mhic léinn atá ag tabhairt faoi chláir aistriúcháin atá maoinithe ag an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, Ardleibhéal 1 (C1) a bhaint amach mar riachtanas fágála.

Beidh scrúduithe ar siúl againn go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta freisin i mbliana. Beidh na scrúduithe ar siúl den chéad uair riamh in Los Angeles i mí an Mheithimh. Anuas air sin, beidh scrúduithe ar siúl i bPáras agus in Washington D.C. Beidh iarrthóirí á meas freisin againn ar fud na hÉireann, in ionaid aosoideachais, in an-chuid scoileanna dara leibhéal, sa Ghaeltacht agus lasmuigh di, agus ar ndóigh anseo in Ollscoil Mhá Nuad (Alt: An Dr Seán Mac Risteaird, Lárionad na Gaeilge).